Carthanais neamhchónaitheacha

Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh ar dhíolúine chánach do charthanais

Ní mór an tuairisceán seo a thíolacadh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) mar seo a leanas:

  • Mo Sheirbhísí
  • Seirbhísí Eile
  • Ríomh-Iarratais Carthanas agus Comhlachtaí Spóirt

leis na doiciméid seo a leanas:

  • litir ón Rialálaí Carthanas mura bhfuil Uimhir Cláraithe Carthanais (UCC) riachtanach
  • cóip de bhunreacht do charthanais
  • ráiteas i leith gníomhaíochtaí do charthanais go dtí seo, agus a chuid pleananna do na 12 mhí amach anseo
  • an tuarascáil bhliantúil is deireanaí de chuid do charthanais
  • na ráitis airgeadais is deireanaí de chuid do charthanais
  • mionnscríbhinn comhlánaithe ag an gcisteoir, iontaobhaí nó aon ghníomhaire údaraithe go cuí
  • agus
  • litir um chónaitheacht ó údarás cánach do charthanais.

Féadfaidh Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt na Coimisinéirí Ioncaim doiciméid bhreise a iarraidh chun tacú le d'iarratas.

Má éiríonn le d'iarratas, deonóidh na Coimisinéirí Ioncaim díolúine ó cháin.

Féadfaidh sé go mbeidh do charthanas incháilithe chun an Scéim Tabhartas Carthanúil a oibriú nuair a bheidh do dhíolúine cánach bronnta ort ar feadh dhá bhliain ar a laghad.

Cén teanga ba chóir duit a úsáid?

Ní mór na doiciméid iarratais agus tacaíochta a bheith i nGaeilge nó i mBéarla, is é sin teangacha oifigiúla an Stáit. Ba chóir na cuntais a thíolactar a bheith in Euro.

Ar aghaidh: Coinníollacha i leith díolúine chánach a choinneáil