Scéim Tabhartas Carthanúil

Léargas ginearálta

Faoin Scéim Tabhartas Carthanúil (CDS), ceadaítear do chomhlachtaí ceadaithe faoiseamh cánach i leith tabhartais cháilitheacha a thugtar dóibh.

Má thugann duine aonair tabhartas os cionn €250 do chomhlacht ceadaithe, féadfaidh an comhlacht aisíocaíocht a éileamh i leith na cánach a íocadh ar an tabhartas sin. Ní mór don deontóir an t-éileamh a údarú ar dtús.

Má thugann comhlacht tabhartas os cionn €250 in aon bhliain amháin do chomhlacht ceadaithe, féadfaidh an comhlacht asbhaint cánach a éileamh. Dhéileálfaí leis seo amhail gur costas trádála an tabhartas.

Tá teorainn ceithre bliana ann chun éileamh a dhéanamh faoin scéim seo.

Ar aghaidh: Céard is comhlacht ceadaithe ann?