Scéim Tabhartas Carthanúil

Céard is tabhartas cáilitheach ann?

Beidh tabhartas incháilithe faoin Scéim Tabhartais Charthanúla sna cásanna seo:

  • más íocaíocht é nach lú ná €250 in aon bhliain amháin
  • más íocaíocht é nach mó ná €1 milliún in aon bhliain amháin
  • má tá sé i bhfoirm airgid nó urrúis ainmnithe, nó meascán d’airgead agus scaireanna
  • agus
  • nach bhfuil sé in-aisíoctha.

Beidh aon íocaíocht a dhéantar le buanordú nó le dochar díreach incháilithe chomh maith.

Mar dheontóir, féadfaidh sé gur mian leat tabhartas a thabhairt do níos mó ná aon chomhlacht ceadaithe amháin. Más ea, beidh gach íocaíocht a dhéantar le comhlacht ceadaithe incháilithe don scéim chomh maith.

Tá an faoiseamh faoi réir srian 10% de d’ioncam iomlán don bhliain má tá ceangal ann:

  • idir tusa, mar dheontóir 
  • agus
  • an comhlacht ceadaithe a bhfuil tú ag tabhairt an tabhartais dó.

Mar dheontóir, ní mór nach bhfaighfeá aon leas, go díreach ná go hindíreach, mar thoradh ar thabhartas a thabhairt. Ní fhéadann tabhartas a bheith ar an gcoinníoll go gceannódh an comhlacht ceadaithe maoin ón deontóir. Tá sé seo i gceist chomh maith i gcás aon duine atá bainteach leat.

Ar aghaidh: Faoiseamh cánach a éileamh ar thabhartais