Scéim Tabhartas Carthanúil
Faoiseamh cánach a éileamh ar thabhartais
Tabhartais ó dhaoine aonair
Nuair a thugann duine aonair tabhartas, féadfaidh an comhlacht ceadaithe an faoiseamh cánach a éileamh má cheadaíonn an deontóir é.
Mar dheontóir, níl aon oibleagáid cead a thabhairt do chomhlacht ceadaithe faoiseamh cánach a éileamh i leith do thabhartais.
Sa chás go gceadaíonn tú don charthanas an faoiseamh a éileamh, ní bheidh tú in ann aisíocaíocht na cánach céanna a éileamh.
Is féidir leat cabhrú le comhlacht ceadaithe faoiseamh cánach a éileamh ar do dheontas trí ceann de na foirmeacha seo a leanas a chomhlánú:
Má ligeann tú don charthanas an faoiseamh a éileamh, ní bheidh tú féin in ann aisíocaíocht a éileamh i leith na cánach céanna.
An faoiseamh ar thabhartais ó dhaoine aonair a ríomh
Ríomhtar an faoiseamh tríd an tabhartas a ollardú ag an ráta sonraithe. An ráta sonraithe reatha ná 31%. Tá míniú tugtha air seo sa sampla seo a leanas.
Sampla 1
Tugann Siubhán tabhartas €1,000 do chomhlacht ceadaithe in 2020. Féadfaidh an comhlacht ceadaithe aisíocaíocht i leith na cánach a d’íoc Siubhán a éileamh.
An ráta cánach ná 31%, ciallaíonn sé seo gurb ionann an tabhartas €1,000 agus 69% den tabhartas iomlán.
Chun an faoiseamh a ríomh, déantar an tabhartas iomlán a ollardú mar seo a leanas: (€1000/69) x 100 = €1449.27.
Is é tsuim an fhaoisimh a fhéadann an comhlacht ceadaithe a éileamh ná €449.27.
Nuair a bheidh an Deimhniú Buan nó Deimhniú Bliantúil comhlánaithe ag Siubhán, féadfaidh an comhlacht ceadaithe an aisíocaíocht a éileamh.
Ní fhéadann suim na haisíocaíochta a bheith níos mó ná an tsuim chánach a d’íoc an deontóir don bhliain chéanna. Mar sin, i sampla 1, murar íoc Siubhán ach €350 de cháin in 2020, is é uasmhéid na haisíocaíochta a fhéadann an comhlacht ceadaithe a éileamh ná €350.
Tabhartais ó chuideachtaí
Nuair a thugann cuideachta tabhartas do chomhlacht ceadaithe, is é an chuideachta a éilíonn an faoiseamh. Níl aon socrú i leith ollardú i gceist sa chás seo.
An faoiseamh ar thabhartais ó chuideachtaí a ríomh
Sampla 2
Thug Cuideachta X tabhartas €1,000 do chomhlacht ceadaithe in 2020. An ráta Cánach Corparáide ná 12.5%, mar sin is é an faoiseamh a fhéadann an chuideachta a éileamh ná €125 (€1,000 x 12.5%).
Baineann an comhlacht ceadaithe leas as €1,000 a fháil, ach is é an costas don chuideachta as an tabhartas a thabhairt ná €875 (€1,000 – €125). Ní gá don chuideachta ach an asbhaint chánach a éileamh i leith an tabhartais amhail gur costas trádála a bhí ann.
Foilsíonn na Coimisinéirí Ioncaim sonraí na gcomhlachtaí go léir atá ceadaithe chun an Scéim Tabhartas Carthanúil a fheidhmiú.
Ar aghaidh: Cén chaoi a n-éilíonn comhlacht ceadaithe an faoiseamh?