Scéim Tabhartas Carthanúil

Cén chaoi le bheith mar chomhlacht ceadaithe?

Más carthanas thú ar mian leat a bheith i do chomhlacht ceadaithe, ní mór duit:

Sa chás go ndéantar carthanais incháilithe ar deonaíodh díolúine chánach carthanais dóibh a chónascadh nó a atheagrú, féadfaidh an díolúine sin leanúint d'fheidhm a bheith aici más rud é:

  • go raibh údarú ó na Coimisinéirí Ioncaim ag an gcomhlacht nó na comhlachtaí
  • agus
  • gur chomhlíon an comhlacht nó na comhlachtaí na coinníollacha ábhartha uile roimh athstruchtúrú ar feadh tréimhse dhá bhliain ar a laghad.

Ní mór duit iarratas a thíolacadh trí ROS, ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Sínigh isteach ar ROS.
  • Téigh go dtí an rannán ‘Seirbhísí Eile’ sa cluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’
  • Roghnaigh ‘Ríomh-Iarratais Carthanas agus Comhlachtaí Spóirt’.

Ní mór an méid seo a chur san áireamh le d’iarratas:

  • do chuid cuntas airgeadais is deireanaí lena n-airítear briseadh síos ar ioncam agus caiteachas
  • agus
  • an tuarascáil bhliantúil is deireanaí, nó sonraí faoi na gníomhaíochtaí is déanaí a chuir an carthanas i gcrích.

Ba chóir do chuid cuntas airgeadais is deireanaí a bheith sínithe ag an mbeirt iontaobhaí más lú an t-ioncam bliantúil ná €250,000.

Ba chóir do chuid cuntas airgeadais is deireanaí a bheith iniúchta agus sínithe ag an iniúchóir más mó an t-ioncam bliantúil ná €250,000.

Beidh an t-údarú chun an Scéim Tabhartas Carthanúil a fheidhmiú bailí ar feadh tréimhse suas le cúig bliana. Féadtar iarratas a dhéanamh d’údarú a athnuachan trí ROS.

Chun críocha na Scéime Tabhartas Carthanúil, is comhlachtaí ceadaithe go huathoibríoch iad seo a leanas:

  • institiúidí bunleibhéil, iar-bhunleibhéil agus tríú leibhéil a bhfuil cláir acu atá ceadaithe ag an Aire Oideachais agus Scileanna
  • institiúidí a sholáthraíonn cúrsaí atá deimhnithe ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (DCCÉ)
  • institiúidí atá ceadaithe ag an Aire Airgeadais le haghaidh oideachais sna hEalaíona
  • eagraíochtaí a chuireann cearta daonna chun cinn mar atá sonraithe faoi Alt 209 den Acht Comhdhlúite Cánach, 1997.

Ba chóir do chomhlacht ceadaithe go huathoibríoch ar mian leo an Scéim Tabhartas Carthanúil (STC) a oibriú Foirm Cláraithe Cánach STC a chomhlánú. Ba chóir an fhoirm seo a thíolacadh trí Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt trí M’Fhiosruithe ar ROS.

Ní gá Foirm Cláraithe Cánach STC a chomhlánú más scoil thú a bhfuil an méid seo aici:

Beidh do scoil cláraithe go huathoibríoch agus féadann sí éilimh a thíolacadh faoin Scéim Tabhartas Carthanúil.

Ar aghaidh: Céard is tabhartas cáilitheach ann?