Scéim Tabhartas Carthanúil

Cén chaoi le héileamh a thíolacadh

Ní mór duit a chinntiú go bhfuil Deimhniú BliantúilDeimhniú Bliantúil nó Deimhniú Marthanach bailí agus sínithe agat do gach deontóir a chuireann tú san áireamh i d'éileamh. 

Tabhair do d’aire

Féadfaidh sé go n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cóipeanna de Dheimhnithe Bliantúla nó Marthanacha chomh maith le fianaise ar an tabhartas mar thaca le d'éileamh.

Níor cheart go gcuirfí san áireamh i d'éileamh d'aon bhliain ar leith ach tabhartais a fuarthas laistigh den bhliain sin.

Tíolaic iontráil amháin in aghaidh an deontóra, in aghaidh na bliana.  Sa chás go dtugann deontóir níos mó ná tabhartas amháin le linn na bliana, ná déan ach an tsuim iomlán a chur san áireamh. 

Má thíolacann tú níos mó ná éileamh amháin do bhliain ar leith, ná cuir deontóirí san áireamh atá liostaithe in aon éileamh roimhe sin ar éilimh ina dhiaidh.

Chun sonraí deontóirí in éileamh atá tíolachta cheana a leasú, beidh ort teagmháil a dhéanamh leis an Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt chun cúnamh a fháil.

Éileamh a thíolacadh ar líne

Tá dhá rogha ar fáil agus éileamh á thíolacadh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Féadtar an fhoirm a chomhlánú ar líne nó foirm a comhlánaíodh as líne a uaslódáil. Leagtar amach sonraí an dá rogha thíos.

An fhoirm a chomhlánú ar líne

Féadtar éileamh a thíolacadh trí shíniú isteach ar ROS agus na céimeanna seo a leanúint: 

  1. Faoin rannán ‘Tuairisceán a Thíolacadh’, roghnaigh ‘Comhlánaigh Foirm ar Líne’.
  2. Roghnaigh an cineál cánach ‘Tabhartais Charthanúla’ agus an fhoirm ‘CDS1’.
  3. Cliceáil ar 'Tuairisceán a thíolacadh'.
  4. Roghnaigh na tréimhse na Scéime Tabhartas Carthanúil (CDS) ar mian leat tíolacadh a dhéanamh ina leith.
  5. Cuir isteach sonraí uile an tabhartais agus cliceáil ar ‘cuir tabhartas leis’.
  6. Cliceáil ar 'Lean ar aghaidh' chun an t-éileamh a shíniú agus a thíolacadh.

ButtonLink

Foirm a comhlánaíodh as líne a uaslódáil

Tá an fhormáid seo oiriúnach d'éileamh ina bhfuil líon mór deontóirí. Cruthaigh scarbhileog Excel le sonraí na ndeontóirí. Ní mór an comhad Excel a chruthú i bhformáid shonrach agus é a shábháil mar chomhad CSV (camóga teormharcáilte).

Le haghaidh tuilleadh faisnéise agus sampla de chomhad CSV, féach an rannán Tabhartais Charthanúla in ROS Schemas and Notes.

Nuair atá an comhad CSV as líne comhlánaithe agat, uaslódáil ar ROS é mar a leanas:

  1. Faoin rannán ‘Tuairisceán a thíolacadh’, cliceáil ar ‘Uaslódáil Foirm a Comhlánaíodh As líne’.
  2. Roghnaigh ‘Tabhartais Charthanúla’ ón liosta anuas.
  3. Cliceáil ar 'Uaslódáil Tuairisceán'.
  4. Ón áis uaslódáil comhaid, cliceáil ar ‘Cuir Comhaid Leis’.
  5. Roghnaigh an comhad CSV cuí ó do chóras áitiúil.
  6. Cuir isteach do phasfhocal.
  7. Cliceáil ar ‘Uaslódáil Comhaid’ chun an comhad a thíolacadh chuig ROS.

Eiseofar uimhir fhógra duit nuair a bheidh an comhad uaslódáilte go rathúil.