Scéim Tabhartas Carthanúil

Cén chaoi a n-éilíonn comhlacht ceadaithe an faoiseamh?

Ní mór do chomhlachtaí ceadaithe ar mian leo an faoiseamh a éileamh, é sin a dhéanamh ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Nuair atá an comhlacht ceadaithe údaraithe chun an Scéim Tabhartas Carthanúil a fheidhmiú, ba chóir dóibh síniú isteach ar ROS.

Féach Éileamh a thíolacadh don Scéim Tabhartas Carthanúil le haghaidh tuilleadh eolais.

Is gá duit an t-eolas seo a leanas a chur ar fáil le haghaidh gach éilimh:

  • ainm an deontóra
  • Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) an deontóra
  • suim na dtabhartas
  • cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil baint ag an deontóir leis an gcarthanas.