Scéim Tabhartas Carthanúil

Céard is comhlacht ceadaithe ann?

Is éard is comhlacht ceadaithe ann chun críocha na Scéime Tabhartas Carthanúil ná:

  • carthanas údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim chun an scéim a fheidhmiú, is é sin carthanas incháilithe
  • institiúidí bunleibhéil, iar-bhunleibhéil agus tríú leibhéil a bhfuil cláir acu atá ceadaithe ag an Aire Oideachais agus Scileanna
  • institiúidí a sholáthraíonn cúrsaí atá deimhnithe ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (DCCÉ)
  • institiúidí atá ceadaithe ag an Aire Airgeadais le haghaidh Oideachais sna hEalaíona
  • eagraíochtaí a chuireann cearta daonna chun cinn mar atá sonraithe faoi Alt 209 den Acht Comhdhlúite Cánach, 1997.

Ar aghaidh: Cén chaoi le bheith mar chomhlacht ceadaithe?