Carthanais neamhchónaitheacha

Carthanais atá díomhaoin nó atá á bhfoirceannadh

Mura bhfuil do charthanas neamhchónaitheach in ann leanúint ar aghaidh lena chuspóir carthanúil, ní mór duit:

  • teagmháil a dhéanamh leis an Rialálaí Carthanas, nuair is cuí, chun a chinntiú go leanann tú an nós imeachta treorach ceart maidir le foirceannadh
  • a chur in iúl d’Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt trí Sheirbhís Ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) agus do chuid pleananna don charthanas a leagan amach
  • agus
  • Fógra um Chuideachta a Fhoirceannadh a chomhlánú agus a thíolacadh tríd ROS.

Ní mór duit an méid seo a leanas a chur san áireamh chomh maith:

  • cuntais airgeadais deiridh ag an am scoir
  • agus
  • deimhniú gur dáileadh na cistí agus sócmhainní iarmharacha.