Trádálaithe Ola Mianra

Soláthar nó seachadadh meargánta breosla mharcáilte

D’fhéadfadh aon duine a dhéanann:

  • Ola Gáis Mharcáilte (MGO)
  • Ola Gáis Mharcáilte Sulfair Sár-íseal (ULSMGO)
  • Ceirisín Marcáilte

a sholáthar nó a sheachadadh a bheith faoi dhliteanas na Cánach Ola Mianra a imghabháladh, lena n-áirítear ús agus pionóis. Tiocfaidh sé seo aníos sá chás go ndéantar an táirge a sciúradh ina dhiaidh sin, nó má tá an táirge faoi réir calaois Cánach Ola Mianra ar bhealach eile.

Tá an trádálaí dliteanach sa chás:

  • gurb eol don trádálaí
  • go raibh an trádálaí meargánta

i leith iad a bheith páirteach in idirbheart, nó sraith idirbheart bainteach le himghabháil Cánach Ola Mianra.

Tá an trádálaí dliteanach, fiú mura raibh siad bainteach go díreach san imghabháil, bíodh sé go raibh an imghabháil déanta:

  • ag an gcustaiméir a ndearnadh an soláthar leo nó an seachadadh chucu
  • ag pointe ina dhiaidh sin sa slabhra soláthair.

Freagrachtaí Trádálaithe Ola Mianra

Tá trádálaithe freagrach as dícheall cuí a chaitheamh le soláthar agus seachadadh breoslaí marcáilte. Ní mór do thrádálaithe a bheith sásta i dtaca le bona fide an chustaiméara roimh an seachadadh a dhéanamh.

Ba chóir do thrádálaithe céimeanna dóthanacha a thógáil le haithne a chur ar a gcustaiméirí. Ba chóir go mbeadh trádálaithe sásta gur chun úsáid dhlisteanach ar lacáiste a sholáthraítear breoslaí marcáilte chuig custaiméirí.

Táscairí maidir le hImghabháil Dleachta Máil in Olaí Marcáilte

Tugtar roinnt samplaí sa liosta seo a leanas de tháscairí imghabhála Dleachta Máil in Olaí Marcáilte. Ní liosta cuimsitheach é seo:

  • Níl aon riachtanas follasach ag an gcustaiméir i leith an bhreosla mharcáilte i gceist.
  • Orduithe le haghaidh toirteanna móra breosla mharcáilte ag nó le haghaidh oibreoirí iompair.
  • Íocaíocht le hairgead tirim, dréacht bainc, seic tríú páirtí, nó seic le hainm an íocaí fágtha ar lár.
  • Íocaíocht ar aon bhealach a chuirfeadh bac ar an íocaíocht a rianú.
  • Toirteanna móra á seachadadh chuig seoladh baile nó chuig láthair eile ‘neamhthráchtála’.
  • Seachadadh chuig tancaer bóthair ag áit eile seachas ag seoladh an chustaiméara (ar thaobh an bhóthair, nó i ngarraí, mar shampla).
  • Soláthar chuig tancaer bóthair neamh-mharcáilte nó chuig tancaer a bhfuil libhré ar chaighdeán íseal nó as dáta air, nó a bhfuil umair stórála shealadacha nó shoghluaiste air.
  • Seachadadh chuig áit nach é áitreabh nó seoladh an chustaiméara cheannaigh é.
  • Nuair is uimhir fóin póca an t-aon phointe teagmhála don chustaiméir.
  • Níl áiseanna imleora stórála ag an gcustaiméir le haghaidh na gcainníochtaí breosla atá i gceist.
  • Seachadadh chuig trádálaí ola mianra nach bhfuil ceadúnas trádálaí breosla mharcáilte aige (seiceáil clár na gceadúnas).
  • Seachadadh chuig custaiméir gnó neamhfheirmeoireachta nach bhfuil cláraithe le haghaidh CBL.
  • Is cosúil nach bhfuil an custaiméir róbhuartha faoi phraghas an bhreosla mharcáilte nó faoi na téarmaí íocaíochta.
  • Is fachtóir tábhachtach i ngach cinneadh é an chainníocht ola marcáilte atá i gceist.

Ba chóir do thrádálaithe a bheith airdeallach agus aon idirbhearta a fhéadtar a bheith ceangailte le calaois chánach, a bheith neamhghnách nó amhrasta a sheachaint.

Ar aghaidh: Marcóir breosla