Trádálaithe Ola Mianra

Ceadúnas Trádálaí Breosla Mharcáilte (CTBMa)

Ní mór do thrádálaithe Ceadúnas Trádálaí Breosla Mharcáilte (CTBMa) a bheith acu i gcás aon áitribh ina ndéantar:

  • táirgeadh
  • díol
  • seachadadh
  • déileáil

ar aon ola gháis nó ceirisín atá faoi dhliteanas ráta atá níos ísle ná an ráta caighdeánach cuí.

Tá coinníollacha sonraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim ar gá do shealbhóirí Ceadúnais Trádálaí Breosla Mharcáilte cloí leo.

Teastaíonn ceadúnas ar leith le haghaidh gach áitreabh nó áit óna n-oibríonn trádálaí.

Ní mór do shealbhóirí ceadúnais, chomh maith, cloí le forálacha na rialachán cánach ola mianra in Mineral Oil Tax Regulations 2012.

Tabhair do d’aire

Má loictear cloí leis na coinníollacha seo nó le haon riachtanas de chuid an dlí máil, féadfaidh sé go mbeidh sé de thoradh air go ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim gníomhú ina leith. Gníomhú a d’fhéadfaí a dhéanamh ná an ceadúnas a chúlghairm. I gcás trádáil neamhcheadúnaithe ina dhiaidh sin, féadfaidh sé go ndéanfar táirgí a ghabháil agus go ndéanfar ionchúiseamh.

 

Iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Trádálaí Breosla Mharcáilte

Chun iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Trádálaí Breosla Mharcáilte (CTBMa), ní mór do thrádálaithe Foirm Iarratais a thíolacadh d’Oifig Náisiúnta Ceadúnais Máil (NELO)na gCoimisinéirí Ioncaim.

Féadann na Coimisinéirí Ioncaim ceadúnas a dheonú sa chás:

  • go bhfuil Imréiteach Canach ag an iarratasóir
  • go léiríonn sé nó sí go gcomhlíonann sé nó sí, nó an t-áitreabh, coinníollacha an cheadúnais
  • agus
  • nár ciontaíodh i gcoir inchúisithe cánach é nó í sna deich mbliana roimh an iarratas.

Nuair a fhaigheann an Oifig Naisiúnta Ceadúnais Máil (NELO) an fhoirm iarratais chomhlánaithe, seolfaidh sé cóip chuig an Oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ina ndéantar faomhadh don áitreabh sin. Má fhaomhann an oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim an t-iarratas, eiseoidh NELO Fógra um Iarratas le go bhféadfaidh an t-iarratasóir iarratas a dhéanamh ar an gceadúnas.

Ceadúnas Trádálaí Breosla Mharcáilte a athnuachan

Ní mór do thrádálaithe iarratas a dhéanamh ar cheadúnas ar bhonn bliantúil tar éis Fógra Bliantúil um Iarratas a fháil ó NELO. Eiseofar an fógra seo timpeall seacht seachtaine sula dtéann an ceadúnas in éag.

Má tá na Coimisinéirí Ioncaim sásta go gcomhlíonann an ceadúnaí aon cheann de na Coinníollacha Ceadúnais sonraithe, féadann an ceadúnaí iarratas a dhéanamh ar an gceadúnas ach úsáid a bhaint as na Roghanna Íocaíochta.

Nuair atá íocaíocht á déanamh, féadfaidh sé go n-iarrfaí ar an gceadúnaí dearbhú a thabhairt go bhfuil ceann nó an dá cheann de na deimhnithe seo a leanas acu:

  • Deimhniú Dúblach um Chorprú
  • Deimhniú um Chlárú Ainm Gnó.

Teastóidh imréiteach cánach uathu chomh maith. Déanfaidh córais na gCoimisinéirí Ioncaim seiceáil uathoibríoch ar do stádas imréitigh cánach roimh an gceadúnas a eisiúint.

Foráil d’achomhairc

Nuair a dhiúltaítear iarratas ar cheadúnas, tá an ceart ag iarratasóirí achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh. Féadfaidh iarratasóirí an cinneadh a achomharc tríd an gCoimisiún um Achomhairc Chánach. Tá feidhm leis na forálacha seo chomh maith nuair a dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim ceadúnas a chúlghairm.

Ar aghaidh: Tuairisceán gluaiseachtaí ola (ROM1)