Trádálaithe Ola Mianra
Marcóir breosla
Cuirtear marcóirí na gCoimisinéirí Ioncaim leis an méid seo:
- Ola Gáis Mharcáilte
- agus
- Ceirisín Marcáilte
chun idirdhealú a dhéanamh idir an ráta caighdeánach cánach Breosla Mótair (díosal bóthair) agus an ráta laghdaithe cánach atá ag na táirgí seo.
Dath glas a bhíonn ar an Ola Gáis Mharcáilte tar éis na marcóirí a chur leo, agus dath dearg a bhíonn ar an gCeirisín Marcáilte tar éis na marcóirí a chur leo.
Tá sé i gcoinne an dlí Ola Gáis Mharcáilte nó Ceirisín Marcáilte a úsáid i bhfeithiclí bóthair.
Nuair a bhíonn oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim in amhras, nó má aimsíonn siad marcóir breosla a bheith i láthair i bhfeithicil bhóthair, féadtar é a urghabháil. Tá an t-úinéir agus/nó an tiománaí araon faoi dhliteanas ionchúisimh.
Ar aghaidh: Coinníollacha maidir le ceadúnais