Trádálaithe Ola Mianra

Léargas ginearálta

Ní mór do thrádálaithe Ceadúnas Trádálaí Breosla Mótair (CTBMó) a bheith acu i gcásanna ina ndéantar:

  • táirgeadh
  • díol
  • déileáil
  • coinneáil d’fhonn díol nó seachadadh
  • seachadadh

ar aon ola mhianra (ola hidreacarbóin, gás peitriliam leachtach, breosla ionaid) lena húsáid in inneall mótarfheithicle.

Ina theannta sin, ní mór do thrádálaithe Ceadúnais Trádálaí Breosla Mharcáilte (CTBMa) a bheith acu ina ndéantar:

  • táirgeadh
  • díol
  • déileáil
  • coinneáil d’fhonn díol nó seachadadh
  • seachadadh

ar aon ola gháis nó ceirisín atá faoi dhliteanas ráta atá níos ísle ná an caighdeán cuí.  

Ní mór do thrádálaithe atá i mbun táirgí Breosla Mótair agus Breosla Mharcáilte a thrádáil, an dá chineál ceadúnais a bheith acu. Teastaíonn ceadúnas ar leith le haghaidh gach áitribh nó áit óna n-oibríonn trádálaí.

Is ó 1 Iúil go 30 Meitheamh gach bliain atá an bhliain cheadúnúcháin. Tá an táille iomlán fós i gceist le haghaidh ceadúnas a dheonaítear le haghaidh tréimhse níos giorra ná 12 mhí.

An dleacht mháil nó an costas ar an gceadúnas seo ná €250 sa bhliain.

I gcás gach gluaiseachta ola mianra, ní mór do gach sealbhóir ceadúnais an fhoirm éigeantach Tuairisceán Gluaiseachtaí Ola (ROM1) a chomhlánú. Ní mór duit do thuairisceán a thíolacadh go leictreonach trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Iarrtar tríd an reachtaíocht go mbeadh Imréiteach Cánach ag gach sealbhóir CTBMó agus CTBMa araon.

Déanfaidh córais na gCoimisinéirí Ioncaim seiceáil uathoibríoch ar do stádas imréitigh cánach roimh an gceadúnas a eisiúint.

Tá sonraí na gceadúnas uile, mar aon le seoladh gach áitribh nó áit cheadúnaithe foilsithe ar shuíomh idirlín na gCoimisineirí Ioncaim mar seo a leanas: Clár na dTrádálaithe Breosla Mótair Ceadúnaithe agus Clár na dTrádálaithe Ceadúnaithe Breosla Mharcáilte.

Ba chóir do thrádálaithe a bheith ar an airdeall gur coir é trádáil neamhcheadúnaithe a dhéanamh agus féadfaidh sé a bheith de thoradh air go ndéanfar táirgí a ghabháil, go ndéanfar ionchúiseamh agus go ngearrfar pionóis chúirte.

Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar na riachtanais nua cheadúnaithe agus tuairiscithe trí theagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Ar aghaidh: Ceadúnas Trádálaí Breosla Mótair (CTBMó)