Trádálaithe Ola Mianra

Coinníollacha maidir le ceadúnais

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim coinníollacha caighdeánacha a shonrú faoina ndeonaítear:

  • Ceadúnas Trádálaí Breosla Mótair (CTBMó)
  • Ceadúnas Trádálaí Breosla Mharcáilte (CTBMa).

I gcúinsí áirithe, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim coinníollacha breise a shonrú. Tá na coinníollacha seo sa bhreis ar na coinníollacha caighdeánacha a bhaineann le gach sealbhóir ceadúnais.

Sonrófar gach coinníoll caighdeánach ceadúnais ar aghaidh an cheadúnais.

Coinníollacha caighdeánacha

  • Áitreabh Slán agus Oiriúnach – ní mór an t-áitreabh nó an áit a bhfuil an ceadúnas á choinneáil ina leith, a bheith slán agus oiriúnach chun ola mhianra a thrádáil.
  • Bealaí rochtana sábháilte agus slán d’oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim – cuirfidh an trádálaí breosla mótair nó mharcáilte rochtain sábháilte agus slán ar fáil d’oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim chuig gach cuid den láthair.
  • Pumpaí agus méadair – ní mór an breosla uile a dháileadh le pumpaí agus méadair bhreosla a dhéanann tomhas agus taifeadadh cruinn ar an toirt bhreosla a dháiltear.
  • Cloí le riachtanais an Dlí Máil – cloífidh an trádálaí ola mianra leis an dlí máil maidir le:
    • díol
    • déileáil
    • seachadadh
    • nó coinneáil ola mianra
    • agus
    • taifid a bhaineann leis an méid seo a choinneáil agus a chur ar fáil.

Coinníollacha breise

D'fhéadfadh na coinníollacha breise seo a bheith sonrach do thrádálaithe áirithe, d’áiteanna nó áitribh nó catagóir trádálaithe áirithe.

Sonrófar gach coinníoll breise ar aghaidh an cheadúnais, é sin nó cuirfear san áireamh leis an gceadúnas é mar sceideal ar an gceadúnas.

Foláireamh: Má loictear cloí leis na coinníollacha a bhaineann le CTBMó nó CTBMa (idir choinníollacha caighdeánacha agus choinníollacha breise), féadfaidh sé go ndéanfar:

  • an ceadúnas a dhiúltú nó a chúlghairm
  • agus, nó
  • an sealbhóir ceadúnais a ionchúiseamh araon.