Tíolaic Tuairisceán Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ)

Tuairisceán Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a thíolacadh do do mhaoin

Tuairisceáin CMÁ a thíolacadh do mhaoin amháin

Nuair atá rochtain agat ar do thaifead CMÁ, feicfidh tú stádas do thuairisceáin CMÁ, d'íocaíochtaí, agus aon iarmhéid atá fós gan íoc.

Chun do Thuairisceán CMÁ a chomhlánú agus íocaíocht a shocrú, lean na céimeanna seo:

  1. Cliceáil ar ‘Tíolaic mo Thuairisceán’.
  2. Cuir isteach na sonraí a bhaineann le do mhaoin agus cliceáil ar ‘Lean ar Aghaidh’.
  3. Roghnaigh do rogha íocaíochta CMÁ agus cliceáil ar 'Lean ar Aghaidh'.
  4. Athbhreithnigh an t-eolas a chur tú isteach agus cliceáil ar 'Tíolaic Sonraí'.
  5. Iarrfar ort ansin do PIN a chur isteach arís. Nuair a bheidh do PIN curtha isteach agat, cliceáil ar 'Sínigh agus Tíolaic' chun an próiseas a chur i gcrích.

Tuairisceáin CMÁ a thíolacadh le haghaidh 2-9 Maoine

Nuair atá rochtain agat ar do thaifead CMÁ, feicfidh tú stádas do thuairisceáin CMÁ, d'íocaíochtaí agus achoimre ar ghníomhartha amuigh i leith do mhaoine.

Chun do thuairisceán CMÁ a chomhlánú agus íocaíocht a shocrú do gach maoin, lean na céimeanna seo:

  1. Cliceáil ar an roghchlár anuas 'Tuairisceáin' agus roghnaigh 'Tiolaic mo Thuairisceáin'.
  2. Taispeánfar miondealú duit ar na tuairisceáin amuigh maidir le do chuid maoine ar fad. Tá rogha agat tuairisceán ar leith a thíolacadh do gach maoin aonair, nó tuairisceán amháin a thíolacadh i ndáil le gach maoin.

Má theastaíonn uait tuairisceán ar leith a thíolacadh do gach maoin, ba chóir duit 'féach na sonraí' a roghnú don mahaoin ábhartha agus na céimeanna a mholtar a leanúint.

De rogha air sin, má theastaíonn uait tuairisceán amháin a thíolacadh le haghaidh na maoine go léir, lean na céimeanna seo a leanas:

  1. Cliceáil ar an gcnaipe 'Tosaigh Anois' ag barr an leathanaigh.
  2. Taispeánfar duit 'Sonraí Maoine Coiteann'. Cuir isteach na sonraí ábhartha agus cliceáil ar ‘Lean ar Aghaidh’.
  3. Teaspeánfar liosta duit de do chuid maoine le tuairisceáin amuigh atá fós dlite. Cliceáil ar 'Comhlánaigh Sonraí an Tuairisceáin' do gach maoin atá ar an liosta agus cliceáil 'Lean ar Aghaidh'.
  4. Roghnaigh do rogha íocaíochta CMÁ agus cliceáil 'Lean ar Aghaidh'.
  5. Iarrfar sonraí breise ort a bhaineann leis an rogha íocaíochta a roghnaigh tú. Cuir isteach na sonraí ábhartha agus cliceáil ar ‘Lean ar Aghaidh go hÍocaíocht’.
  6. Iarrfar ort do PIN a chur isteach arís agus cliceáil  ar 'Sínigh agus Tíolaic'.
  7. Cliceáil 'Lean ar Aghaidh go hÍocaíocht', cuir isteach na sonraí ábhartha, agus cliceáil ar 'Íoc Anois'. Gheobhaidh tú admháil ar íocaíocht. Cliceáil ar 'Críochnaithe' chun dul ar aghaidh chuig an Scáileán Baile.

Tuairisceáin CMÁ a thíolacadh le haghaidh 10 maoin nó níos mó

Nuair a dhéanann tú rochtain ar do thaifead CMÁ, feidfidh tú stádas do thuairisceáin CMÁ, d'íocaíochtaí agus achoimre ar ghníomhartha atá fós gan íoc i leith do chuid maoine. Ní gá duit Tuairisceán CMÁ a thíolacadh le haghaidh gach maoin faoi leith. Ina áit sin, féadfaidh tú do thuairisceáin CMÁ agus socruithe íocaíochta le haghaidh do chuid maoin uile a thíolacadh trí chomhad ina bhfuil liosta de do chuid maoin a uaslódáil. Lean na céimeanna thíos:

  1. Cliceáil ar ‘Tíolaic mo Thuairisceáin’.
  2. Cliceáil ar 'Íoslódáil Anois' agus lean na treoracha atá le feiceáil ar an scáileán.
  3. Nuair a bheidh na sonraí ábhartha curtha isteach agat do do chuid maoine, cliceáil ar 'Lean ar Aghaidh go hUaslódáil' agus uaslódáil do chomhad maoine.
  4. Nuair a bheidh an comhad uaslódáilte, cliceáil ar 'Lean ar Aghaidh'. Ansin iarrfar ort rogha íocaíochta a roghnú.
  5. Roghnaigh do rogha íocaíochta CMÁ agus cliceáil ar 'Lean ar Aghaidh'.
  6. Iarrfar ort sonraí breise a chur isteach i leith an rogha íocaíochta a roghnaigh tú. Cuir isteach na sonraí ábhartha agus cliceáil ar ‘Lean ar Aghaidh go hÍocaíocht’.
  7. Iarrfar ort do PIN a chur isteach arís agus cliceáil ar 'Sínigh agus Tiolaic'.
  8. Cliceáil ar 'Lean ar Aghaidh go hÍocaíocht', chur isteach na sonraí ábhartha, agus cliceáil ar Íoc Anois'. Gheobhaidh tú admháil ar íocaíocht. Cliceáil ar 'Críochnaithe' chun dul ar aghaidh chuig an Scáileán Baile.

Ar aghaidh: Cabhair le do Thuairisceán CMÁ a thíolacadh ar líne