Tíolaic Tuairisceán Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ)
Léargas ginearálta
Is é an bealach is éasca chun do Thuairisceán Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a thíolacadh ná ar líne má tá tú:
- i d’úinéir ar mhaoin chónaithe in Éirinn
- nó
- ag gníomhú thar ceann úinéir maoine in Éirinn.
Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís
Féadtar teacht ar an tseirbhís seo trí moChúrsaí nó ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) Mura bhfuil tú cláraithe le haghaidh ceachtar díobh seo cheana féin, féadfaidh tú teacht ar an tseirbhís seo tríd an tseirbhís ar líne don CMÁ.
Chun teacht ar an tseirbhís trí moChúrsaí:
- Sínigh isteach ar moChúrsaí.
- Cliceáil ar ‘Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ)' ar an gcárta ‘Seirbhísí Maoine'.
Chun teacht ar an tseirbhís trí ROS:
- Sínigh isteach ar ROS.
- Cliceáil ar an nasc ‘Bainistigh Riaráistí CMÁ/MT’ agus tugfar go dtí liosta do mhaoine thú.
- Cliceáil ar an UA Maoine.
Chun teacht ar an tseirbhís go díreach trí CMÁ ar líne:
- Cliceáil CMÁ ar líne.
- Cuir isteach d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP), UA Maoine agus UAP.
- Cliceáil 'Logáil Isteach'.
Ar aghaidh: Tuairisceán Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a thíolacadh do do mhaoin