Féach ar stair na maoine agus priontáil admháil le haghaidh na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ)

Leis an tseirbhís ar líne don Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ), féadtar féachaint ar fhaisnéis bhliantúil CMÁ maidir le haon mhaoin chónaithe atá agat in Éirinn.

Leis an tseirbhís seo, féadtar féachaint ar fhaisnéis i dtaca le:

  • tuairisceáin atá tíolactha
  • banda luachála CMÁ na maoine
  • do mhodhanna íocaíochta
  • do mhuirear iomlán CMÁ dlite
  • an tsuim CMÁ a d’íoc tú
  • ús nó pionóis a gearradh
  • aon idirbhearta CMÁ i leith na maoine don tréimhse ina raibh tú i d'úinéir.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

Cén chaoi leis an tseirbhís a úsáid   

Féadtar teacht ar an tseirbhís tríd an gcóras CMÁ ar líne ach na céimeanna seo a leanúint:

  1. Cuir isteach d’uimhir PSP, UA Maoine agus UAP agus cliceáil ar ‘Sínigh isteach’
  2. Ar an leathanach baile, cliceáil ar an gcnaipe ‘Féach Stair Íocaíochta’.
  3. Má tá níos mó ná maoin amháin agat, ba chóir duit an mhaoin ar leith a roghnú agus ansin cliceáil ar 'Féach Stair Íocaíochta'. Ginfidh sé seo Achoimre ar Stair na Maoine don mhaoin sin.

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí moChúrsaí ach na céimeanna seo a leanúint:

  1. Sa rannán ‘Seirbhísí Maoine’, cliceáil ar ‘Cáin Maoine Áitiúil (CMÁ)’
  2. Ar an leathanach baile, cliceáil ar an gcnaipe ‘Féach Stair na Maoine’.
  3. Má tá níos mó ná maoin amháin agat, ba chóir duit an mhaoin ar leith a roghnú agus ansin cliceáil ar 'Féach Stair Íocaíochta'. Ginfidh sé seo Achoimre ar Stair na Maoine don mhaoin sin.

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) ach na céimeanna seo a leanúint:

  1. Faoin gcárta ‘Cáin Maoine Áitiúil’, cliceáil ar an gcnaipe ‘Féach Liosta na Maoin’
  2. Cliceáil ar ‘UA Maoine’ 
  3. Ar an leathanach baile, cliceáil ar an gcnaipe ‘Féach Stair Íocaíochta’.
  4. Má tá níos mó ná maoin amháin agat, ba chóir duit an mhaoin ar leith a roghnú agus ansin cliceáil ar 'Féach Stair Íocaíochta'. Ginfidh sé seo Achoimre ar Stair na Maoine don mhaoin sin.