Feithicil nua a chlárú

Leis an tseirbhís clárúcháin feithicle, féadann úsáideoirí gnó atá cláraithe le haghaidh  Cáin Cláraithe Feithiclí (CCF), feithiclí nua agus feithiclí réamhchigireachta a chlárú ar líne. Ní mór duit a bheith cláraithe chomh maith chun Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Feithiclí Nua (feithiclí ó dháileoirí Éireannacha)

Cinntigh, sula leanann tú ar aghaidh, go dtíolactar an Deimhniú Comhréireachta leictreonach[1].

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • Uimhir Aitheantais na Feithicle (UAF)
  • uimhir an teastais breithe
  • an cód staitistiúil
  • dath na feithicle
  • tír thionscnaimh
  • uimhir an innill
  • aon sonraí faoi dhíolúine[2]
  • aon sonraí clárúcháin forchoimeádta[3]
  • an modh íocaíochta íocaí Uimhir Cuntais Trádálaí (TAN)
  • luach na míreanna breise roghnacha
  • ainm agus seoladh an úinéara.

Feithiclí Réamhiniúchta ag an SNTC (an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna)

Má rinne an SNTC réamhiniúchadh ar d’fheithicil, teastóidh an méid seo a leanas uait:

  • an Uimhir Aitheantais Feithicle
  • ainm agus seoladh an úinéara
  • an modh íocaíochta íocaí TAN
  • aon sonraí faoi dhíolúine.[4]

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí ROS, ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Ón rannán ‘Tuairisceán a thíolacadh’, cliceáil ar ‘Comhlánaigh Foirm ar líne’ agus ón liosta ‘Roghnaigh cineál cánach’, roghnaigh ‘CCF’. 
  • Déan do rogha ón roghchlár ‘Cineál’.
  • Cliceáil ar an gcnaipe ‘Tíolaic Tuairisceán’.

[1] Ní mór ríomh-Dheimhniú Comhréireachta a bheith ar an taifead, ach amháin más sa chatagóir T5 agus UV atá an fheithicil atá á clárú.

[2] Teastaíonn an t-eolas seo má tá díolúine ag an bhfeithicil.

[3] Teastaíonn an t-eolas seo má tá uimhir forchoimeádta clárúcháin ag an bhfeithicil.

[4] Teastaíonn an t-eolas seo má tá díolúine ag an bhfeithicil.