Cuir isteach iarratas fiosraithe iarmhéid don Cháin Cláraithe Feithiclí (CCF)

Leis an tseirbhís iarratais fiosraithe iarmhéid CCF, féadann trádálaithe mótarfheithiclí breathnú ar a n-iarmhéid CCF ar a gcuntas leis na Coimisinéirí Ioncaim. Féadann trádálaithe iarmhéid cuntais a iarraidh agus freagra a fháil ina mBosca Isteach ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Féadtar an tseirbhís seo a úsáid má tá tú cláraithe mar thrádálaí údaraithe CCF agus cláraithe le haghaidh ROS.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí ROS ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Oscail an cluaisín ‘Taifead Ioncaim’ ón bpríomh-roghchlár ROS.
  • Roghnaigh ‘Iarr Ráiteas Cuntais’. 
  • Roghnaigh an fhoirm ‘VRT’ ón roghchlár ‘Cineál na Cánach/Dleachta’.
  • Déan do rogha ón roghchlár ‘Feidhm’.
  • Ón roghchlár ‘Roghanna’, roghnaigh ‘Teachtaireachtaí Bosca Isteach’.
  • Roghnaigh an taifead cuí ón mbosca isteach.
  • Cliceáil ar an gcnaipe ‘Féach ar an ráiteas cuntais ar líne’.