Téarmaí agus coinníollacha

  1. Léargas ginearálta
  2. Téarmaí agus coinníollacha don tseirbhís Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) ar líne
  3. Téarmaí agus coinníollacha le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Téarmaí agus coinníollacha don tseirbhís Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) ar líne

I gcomaoin na gCoimisinéirí Ioncaim cead a thabhairt duit faisnéis leictreonach a tharchur a theastaíonn le cur san áireamh i dtuairisceán, aontaítear go bhfuil na téarmaí agus coinníollacha thíos ag rialú rochtain ar an suíomh idirlín seo, agus ar úsáid sheirbhísí ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim. Tá na téarmaí agus coinníollacha seo tábhachtach, agus tá siad ann chun tú féin agus na Coimisinéirí Ioncaim a chosaint. Tóg do chuid ama le go léifidh tú go cúramach iad. Trí leanúint ar aghaidh, measfar go bhfuil glactha agat leo.

Téarmaí agus coinníollacha ginearálta

  • Tá an suíomh idirlín seo bunaithe in Éirinn de réir dhlíthe Phoblacht na hÉireann agus beidh sé faoi rialú ag dlíthe na tíre sin. Nuair a úsáideann tú an suíomh idirlín, glacann tú leis go mbeidh an úsáid a bhaineann tú as an suíomh, agus as aon eolas ar an suíomh, faoi rialú chomh maith ag dlíthe na hÉireann agus má éiríonn aon díospóid aníos mar gheall ar an suíomh nó aon chuid den eolas air a bheith á úsáid agat, aontaíonn tú go gceadófaí a leithéid de dhíospóid a éisteacht i gcúirteanna na hÉireann.
  • Faoi réir na gcomhaontuithe conarthacha reatha le Accenture agus LAN Communications/RSA Security, coinneoidh na Coimisinéirí Ioncaim na cearta uile (lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do chóipchearta, paitinní, rúin trádála, agus aon chearta eile maoine intleachtúla) i ngach leagan den tseirbhís ar líne CMÁ.
  • Níl an tseirbhís ar líne CMÁ le húsáid ach ag fostaithe, custaiméirí, gníomhairí ag gníomhú thar ceann chustaiméirí na gCoimisinéirí Ioncaim, nó ag tríú páirtithe arna gcumhachtú ag na Coimisinéirí Ioncaim, go heisiach chun críocha gnó a reáchtáil leis na Coimisinéirí Ioncaim.
  • Coimeádann na Coimisinéirí Ioncaim an ceart chucu féin athruithe a dhéanamh don eolas, dearadh agus seirbhísí a chuirtear ar fáil ar an tseirbhís ar líne CMÁ gan fógra agus gan dliteanas. Déanfar gach iarracht fógra a thabhairt roimh ré i leith athruithe.
  • Coimeádann na Coimisinéirí Ioncaim an ceart chucu féin cur le téarmaí an chomhaontaithe seo, nó iad a leasú nó a athrú, trí fhógra a fhoilsiú ar a suíomh idirlín maidir le hathruithe den chineál sin, agus is léiriú ar do ghlacadh leis na hathruithe é an úsáid leanúnach a bhaineann tú as an tseirbhís.
  • Sa chás, go ndéanann tú ábhar a tharchur, agus de bhíthin, ábhar a bheith á tharchur agat chuig na Coimisinéirí Ioncaim leis an tseirbhís ar líne CMÁ, níl aon fhreagracht ag na Coimisinéirí Ioncaim as cruinneas, fírinneacht agus iomláine an ábhair, ná as aon earráidí sa chaoi a ndéantar é a ionchur.
  • Tá seirbhís á soláthar ag na Coimisinéirí Ioncaim de bhun na seirbhíse ar líne CMÁ, trína n-éascaítear sonraí – a ullmhaíodh ag táirgí nach gcuireann na Coimisinéirí Ioncaim ar fáil – a aistriú chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Maidir le soláthar na seirbhíse seo
    • ní thugann sé le tuiscint go gceadaíonn na Coimisinéirí Ioncaim táirgí den chineál sin
    • ní thugann sé le tuiscint gur fearr earraí den chineál sin thar aon earraí den chineál céanna nach soláthraíonn an fheidhmiúlacht chun sonraí a uaslódáil chuig na Coimisinéirí Ioncaim
    • ní thugann sé le tuiscint go bhfuil aon dliteanas ó thaobh na gCoimisinéirí Ioncaim as cruinneas, fírinneacht agus iomláine na sonraí arna soláthar ag na hearraí seo, agus as aon earráidí a eascraíonn as na táirgí seo a úsáid agus as aon damáiste a eascraíonn as na táirgí seo a úsáid.
  • Déanfaidh an custaiméir, ar a gcostas féin, áiseanna a sholáthar agus a chothabháil chun rochtain a fháil ar ár seirbhísí (arna chur in iúl ag na Coimisinéirí Ioncaim chuig an gcustaiméir ó am go ham).

Reachtaíocht

Tá na téarmaí agus coinníollacha seo faoi réir, agus gan dochar, d’fhorálacha an údaráis dhlíthiúil as tuairisceáin chánach leictreonacha a dhéanamh mar atá i gCaibidil 6 de Chuid 38 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

Ar aghaidh: Téarmaí agus coinníollacha le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)