Téarmaí agus coinníollacha

  1. Léargas ginearálta
  2. Téarmaí agus coinníollacha don tseirbhís Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) ar líne
  3. Téarmaí agus coinníollacha le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Téarmaí agus coinníollacha le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

I gcomaoin na gCoimisinéirí Ioncaim cead a thabhairt duit faisnéis leictreonach a tharchur a theastaíonn le cur san áireamh i dtuairisceán, aontaítear go bhfuil téarmaí agus coinníollacha áirithe ag rialú rochtain ar an suíomh idirlín seo agus ar úsáid an tsuímh idirlín agus ar úsáid Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Tá na téarmaí agus coinníollacha seo tábhachtach agus tá siad ann chun tú féin agus na Coimisinéirí Ioncaim a chosaint. Tóg do chuid ama le go léifidh tú go cúramach iad. Trí leanúint ar aghaidh, meastar go bhfuil glactha agat leo.

Téarmaí agus coinníollacha ginearálta

  • Tá an suíomh idirlín seo bunaithe in Éirinn de réir dhlíthe Phoblacht na hÉireann agus beidh sé faoi rialú ag dlíthe na tíre sin. Nuair a úsáideann tú an suíomh, glacann tú leis go bhfuil an úsáid a bhaineann tú as an suíomh, agus as aon eolas ar an suíomh, faoi rialú ag dlíthe na hÉireann, agus má thagann aon díospóid aníos ón úsáid seo as an suíomh agat, nó as aon eolas ar an suíomh, go n-aontaíonn tú go gceadófaí a leithéid de dhíospóid a éisteacht i gcúirteanna na hÉireann.
  • Faoi réir na gcomhaontuithe conarthacha reatha le Accenture agus LAN Communications/RSA Security, coinneoidh na Coimisinéirí Ioncaim na cearta uile (lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, chóipchearta, paitinní, rúin trádála, agus aon chearta eile maoine intleachtúla) i ngach leagan de ROS.
  • Níl ROS le húsáid ach ag fostaithe, custaiméirí, gníomhairí ag gníomhú thar ceann chustaiméirí na gCoimisinéirí Ioncaim, nó ag tríú páirtithe arna gcumhachtú ag na Coimisinéirí Ioncaim, go heisiach chun críocha gnó a reáchtáil leis na Coimisinéirí Ioncaim.
  • Coimeádann na Coimisinéirí Ioncaim an ceart chucu féin athruithe a dhéanamh don eolas, dearadh agus seirbhísí a chuirtear ar fáil ar shuíomh idirlín ROS gan fógra agus gan dliteanas. Déanfar gach iarracht fógra a thabhairt roimh ré i leith athruithe.
  • Coimeádann na Coimisinéirí Ioncaim an ceart chucu féin cur le téarmaí an chomhaontaithe seo, nó iad a leasú nó a athrú, trí fhógra a fhoilsiú ar a suíomh idirlín maidir le hathruithe den chineál sin, agus is léiriú ar do ghlacadh leis na hathruithe é an úsáid leanúnach a bhaineann tú as an tseirbhís.
  • Sa chás, go ndéanann tú, sa ghníomh seo a leanas, ábhar a tharchur chuig na Coimisinéirí Ioncaim le ROS, níl aon fhreagracht ag na Coimisinéirí Ioncaim as cruinneas, fírinneacht agus iomláine an ábhair, ná as aon earráidí sa chaoi a ndéantar é a ionchur.
  • Tá seirbhís á soláthar ag na Coimisinéirí Ioncaim de bhun ROS, trína n-éascaítear sonraí – a ullmhaíodh ag táirgí nach gcuireann na Coimisinéirí Ioncaim ar fáil – a aistriú chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Maidir le soláthar na seirbhíse seo
    • ní thugann sé le tuiscint go gceadaíonn na Coimisinéirí Ioncaim táirgí den chineál sin
    • ní thugann sé le tuiscint gur fearr earraí den chineál sin thar aon earraí den chineál céanna nach soláthraíonn an fheidhmiúlacht chun sonraí a uaslódáil chuig na Coimisinéirí Ioncaim
    • ní thugann sé le tuiscint go bhfuil aon dliteanas ó thaobh na gCoimisinéirí Ioncaim as cruinneas, fírinneacht agus iomláine na sonraí arna soláthar ag na hearraí seo, agus as aon earráidí a eascraíonn as na táirgí seo a úsáid agus as aon damáiste a eascraíonn as na táirgí seo a úsáid.
  • Tá seirbhís á soláthar ag na Coimisinéirí Ioncaim in ROS ar a dtugtar an 'Liosta Rialaithe Rochtana' nó 'an fheidhm ACL'. Tá sé roghnach an fheidhm ACL a úsáid agus tá sé faoi rogha ag an gcustaiméir í a úsáid. Ní bheidh na Coimisinéirí Ioncaim faoi dhliteanas as úsáid, ná mí-úsáid, na feidhme seo.
  • Déanfaidh custaiméir, ar a gcostas féin, áiseanna a sholáthar agus a chothabháil chun rochtain a fháil ar ár seirbhísí (arna chur in iúl ag ROS chuig an gcustaiméir ó am go ham).

Coinníollacha i leith úsáid deimhnithe arna eisiúint ag an Údarás Deimhniúcháin ROS

Tá úsáid na ndeimhniúchán faoi theorainn chuspóir an duine cheadaithe nó an duine údaraithe teagmháil a dhéanamh le hOifig na gCoimisinéirí Ioncaim.

Is é an tÚdarás Deimhniúcháin ROS an t-údarás deimhniúcháin trína n-eisítear deimhnithe. Tá coinníollacha úsáide na ndeimhniúchán faoi rialú ag an Ráiteas Polasaí Deimhniúcháin ROS. Tá cóipeanna den ráiteas seo agus a chuid polasaithe gaolmhara ar fáil ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim ar www.revenue.ie nó ón Deasc Chabhrach ROS ar 01 738 36 99.

Reachtaíocht

Tá na téarmaí agus coinníollacha seo faoi réir, agus gan dochar, d’fhorálacha an údaráis dhlíthiúil as tuairisceáin chánach leictreonacha a dhéanamh mar atá i gCaibidil 6 de Chuid 38 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.