Íoc agus tíolaic
Cáin Fáltas Caipitiúil (CFC)
Tabhair do d'aire
De bharr fadhb theicniúil, ní féidir an Fhoirm IT38 a thíolacadh ach idir:
08:00 agus 19:00 Luan go hAoine.
Féadtar an Fhoirm IT38 a chomhlánú agus a shábháil ag úsáid ROS as líne mar is gnách. Ní fhéadtar, áfach, Foirmeacha IT38 as líne a thíolacadh ach i rith na huaireanta thuasluaite.
Foirm IT38
Féadtar an fhoirm IT38 a chomhlánú ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó ar moChúrsaí.
Má tá tú á dhéanamh ar ROS, molann na Coimisinéirí Ioncaim go ndéanann tú an fhoirm IT38 a chomhlánú leis an bhFeidhmchlár As Líne ROS agus an comhad sábháilte a uaslódáil. Ní shábhálann an leagan ar líne den fhoirm go dtí Obair ar Siúl agus d’fhéadfadh sé dul in éag roimh duit na sonraí uile a chur isteach.
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach an rannán ar an bhFeidhmchlár As Líne ROS.
Íocaíochtaí
Le haghaidh eolais ar íocaíochtaí CFC a dhéanamh, féach ar an treoirleabhar:
Féadfaidh custaiméirí nach bhfuil cláraithe le haghaidh ROS íocaíocht a dhéanamh ar moChúrsaí.
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach an rannán Gnóthachain, bronntanais agus oidhreachtaí.