Íoc agus tíolaic

Cén chaoi le hullmhú roimh ré

Cabhróidh na leideanna seo a leanas leat ullmhú roimh ré le haghaidh Íoc agus Tíolaic.

Seiceáil anois go bhfuil tú in ann logáil isteach ar ROS

Ba chóir duit logáil isteach ar Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) anois le cinntiú go bhfuil tú in ann teacht ar ROS gan deacrachtaí. Féach an rannán ar Deacrachtaí le logáil isteach ar ROS má tá deacrachtaí agat logáil isteach.

Má fhaigheann tú meabhrúchán nuair a logálann tú isteach do dheimhniú digiteach ROS a athnuachan, déan é seo. Coinnigh nóta den phasfhocal nua agus lean na treoracha ar Do dheimhniú digiteach a shábháil chun do chomhad athnuaite deimhnithe a shábháil.

Más úsáideoir nua ROS thú, comhlánaigh céim 1 den phróiseas clárúcháin: Cuir isteach ar RAN. Ba chóir cúig lá oibre ar a laghad a thabhairt chun an próiseas clárúcháin a chomhlánú. Más úsáideoir moChúrsaí thú cheana féin, féadtar clárú níos tapúla le haghaidh ROS.

Noda breise do Ghníomhairí

Seiceáil liosta do chliant roimh an spriocdháta tíolactha le cinntiú go bhfuil tú in ann teacht ar chuntais do chliant.

Féadtar cliaint a chlárú agus a cheangal leis an tseirbhís ríomhChlárúcháin ar ROS. Toisc go dtógann sé trí lá oibre chun an nasc a thabhairt cothrom le dáta, cláraigh na cliaint i bhfad roimh an spriocdháta.

Ba chóir do Riarthóirí ROS cinntiú go bhfuil a ndeimhnithe digiteacha faighte ag na fo-úsáideoirí uile agus go bhfuil na ceaduithe riachtanacha acu chun tuairisceáin a thíolacadh agus íocaíochtaí a dhéanamh.

Ar aghaidh: Cáin Ioncaim