Íoc agus tíolaic

Léargas ginearálta

Leagtar amach sa rannán seo an chaoi le do thuairisceán Cánach Ioncaim nó Cánach Fáltas Caipitiúil trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Faoin gcóras féinmheasúnaithe, tá dáta coiteann ann chun cáin a íoc agus tuairisceáin chánach a thíolacadh. Ní mór íocaíocht agus tíolacadh a dhéanamh ar 31 Deireadh Fómhair nó roimhe.

Má dhéanann tú íocaíocht agus tíolacadh trí ROS, féadtar leas a bhaint as dáta sínte tíolactha.

Maidir le tuairisceáin atá dlite ar an 31 Deireadh Fómhair 2023, is é an dáta sínte tíolactha ná Dé Céadaoin, 15 Samhain, mar a leagtar amach in Revenue eBrief No. 088/22.

In éineacht leis an eolas atá ar fáil sa rannán seo, féadfaidh sé gur mian leat féachaint ar an rannán Treoir maidir le féinmheasúnú.

Ar aghaidh: Cén chaoi le hullmhú roimh ré