Deacrachtaí le tuairisceáin a chomhlánú agus a thíolacadh

Pasfhocal nó deimhniú mícheart ag tráth an tsínithe agus tíolactha

Seiceáil do chuid socruithe Autofill sna cásanna seo:

  • má tá an deimhniú mícheart ar léiriú ag céim an tSínithe agus an Tíolactha
  • má tá tú ag fáil earráid go bhfuil an pasfhocal mícheart.

Chun é seo a dhéanamh:

  • Safari: Cliceáil ar ‘Safari’, ansin ‘Preferences’, ansin ‘AutoFill’. Múch an AutoFill trí é a shocrú ag ‘off’.
  • Chrome: Cliceáil ar an deilbhín roghchláir Chrome (trí líne nó trí spota ag an mbarr ar dheis den scáileán), ansin ‘Settings’, ansin ar ‘Show advanced Settings’. 
  • Sa rannán Pasfhocail agus Foirmeacha, bain an tic ó ‘Enable Autofill to fill out web forms in a single click’.