Deacrachtaí le tuairisceáin a chomhlánú agus a thíolacadh
    Níl an tuairisceán ar fáil
Mura bhfuil tuairisceán ar fáil le tíolacadh le haghaidh cineál nó tréimhse cánach riachtanach:
- Seiceáil nach bhfuil tús curtha cheana féin leis an mír sa chluaisín ‘Obair idir Lámha’ i Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Má tá an mhír ansin, scrios é, ansin déan iarracht é a thíolacadh arís (ón gcluaisín Mo Sheirbhísí Féin).
 
- Más fo-úsáideoir thú, cinntigh go bhfuil ceadanna tugtha ag do riarthóir ROS duit, mar beidh siad seo ag teastáil uait chun 'Ullmhaigh' nó 'Tíolaic' don chineál cánach seo.
 
- Fíoraigh an méid seo a leanas faoin tuairisceán le hoifig an Ard-Bhailitheora:
- go bhfuil an tuairisceán dlite agus eisithe
 
- agus
 
- nach bhfuil aon ‘Stop’ i bhfeidhm a chuirfeadh cosc ar thíolacadh.
 
 
Níl na tuairisceáin seo a leanas ar fail le haghaidh tíolacadh ar líne: 
- Foirm 1 (Gnóthais)
 
- Intrastat.
 
Ní fhéadtar iad seo a chomhlánú ach amháin tríd an bhFeidhmchlár As Líne ROS nó an Áis Ullmhaithe Tuairisceáin (AUT) a úsáid.
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach an rannán Roghanna maidir le hullmhúchán tuairisceáin.
      
  		Ar aghaidh: Tuairisceán a shíniú agus a thíolacadh