Roghanna maidir le hullmhúchán tuairisceáin

Tá roinnt roghanna ar fáil agus tuairisceáin á n-ullmhú trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS):

  • Ar líne: Tá an chuid is mó de thuairisceáin ar fáil ar líne agus de ghnáth is é seo an rogha is áisiúla. Tá líon beag foirmeacha ann nach bhfuil ar fáil ar líne.
  • Áis Ullmhaithe Tuairisceáin: Féadtar foirmeacha atá ar fáil san áis ar líne seo a ullmhú agus a shábháil ar do ríomhaire le huaslódáil chuig ROS ar líne níos déanaí.
  • Uirlis Tuairisceáin 46g agus uirlisí scarbhileogacha eile: Is cineálacha uirlisí scarbhileogacha iad seo a fhéadtar a úsáid chun comhaid thuairisceáin nó comhaid thuairisce le huaslódáil chuig ROS ar líne a sholáthair.
  • Bogearra tríú páirtí: Féadfaidh sé go gcuirfidh roinntpacáistí bogearraí atá ar fáil ar bhonn tráchtála, nó bogearra inmheánach, teachtaireachtaí nó comhaid le tarchur trí ROS ar fáil. Is iad seo a leanas samplaí díobh:
    • comhaid a shábhálann ar do ríomhaire agus a uaslódáileann tú chuig ROS ar líne iad
    • teachtaireachtaí atá sínithe le do dheimhniú digiteach ROS (atá úsáidte ag go leor pacáistí párolla).

Áis Ullmhaithe Tuairisceáin

Is uirlis í an RPF a fhéadtar a theacht uirthi tríd an idirlíon. Tá sé tagtha in áit an fheidhmchláir as líne ROS atá curtha as feidhm anois. Tá na foirmeacha seo a leanas ar fáil san RPF:

  • Dleacht stampála
  • Foirm 11 - 2020 agus ó 2022 ar aghaidh
  • Foirm 1 (Gnólachtaí) 2022
  • Foirm 1 (Iontaobhais agus Eastáit) ó 2022 ar aghaidh
  • CT1 - ó 2022 ar aghaidh
  • CBL3
  • IT38 
  • ROM1
  • 46G and 46G (Cuideachta)
  • CID
  • Intrastat

Féach ar an rannán ag baint úsáid as an Áis Ullmhaithe Tuairisceáin ROS le haghaidh tuilleadh eolais.

Uirlis Tuairisceáin 46g

De rogha ar RPF a úsáid, féadfaidh tú an Uirlis Tuairisceáin 46g a úsáid chun sonraí na soláthraithe a chur isteach agus tuairisceán 46G a ghiniúnt le huaslódáil ar ROS ar líne. Féadfaidh sé seo a bheith áisiúil más rud é go bhfuil líon mór soláthraithe agat.

Féach an Leathanach eolais maidir le Foirm 46g le haghaidh tuilleadh eolais.