Deacrachtaí le logáil isteach ar ROS

Tá an deimhniú in úsáid neamhbhailí

Nuair a dhéantar an deimhniú Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a íoslódáil nó a athnuachan, eisítear é le dáta agus am. Tarlaíonn an earráid seo nuair atá an dáta, an t-am nó an dá rud, éagsúil ar do ríomhaire.

Cinntigh go bhfuil an dáta agus an t-am a léirítear ar do ríomhaire i gceart.

Féadfaidh sé seo tarlú chomh maith má tá tú i gcrios ama éagsúil. Más amhlaidh:

  • ba chóir duit fanacht go dtéann an difríocht ama in éag
  • an dáta, an t-am nó an dá rud, a thabhairt cothrom le dáta go sealadach ar do ríomhaire chun go bhféadtar logáil isteach ar ROS.

Ar aghaidh: Níl Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) ar fáil faoi láthair