Deacrachtaí le logáil isteach ar ROS

Tá an pasfhocal a cuireadh isteach mícheart

Féadann an pasfhocal mícheart tarlú sna cásanna seo:

  • tá an pasfhocal á chur isteach go mícheart agat
  • níl an chóip is déanaí de do dheimhniú lódáilte agat
  • is gá do dheimhniú a athlódáil sa bhrabhsálaí.

Pasfhocal

Ba chóir duit a chinntiú go bhfuil an pasfhocal ceart á chur isteach agat. Athraítear an pasfhocal gach uair a dhéanann tú do dheimhniú a athnuachan.

  • Cinntigh go bhfuil an pasfhocal atá tú ag cur isteach san fhormáid cheart.
  • Ní mór ar a laghad ocht gcarachtar a bheith ann, lena n-áirítear ar a laghad aon charachtar amháin i gcás uachtair, aon charachtar amháin i gcás íochtair, agus aon digit amháin.
  • Má rinne tú an deimhniú a íoslódáil le déanaí, déan iarracht do phasfhocal a chur isteach leis an gcnaipe Caps Lock casta ar siúl. Féadfaidh sé go raibh sé seo ar siúl agat nuair a chruthaigh tú an pasfhocal nua.
  • Tabhair do d’aire nach bhféadann baill foirne na gCoimisinéirí Ioncaim do phasfhocal logála isteach a sheiceáil nó a eisiúint.

Deimhniú

Bain an deimhniú ón mbrabhsálaí agus athlódáil an chóip is suas chun dáta den deimhniú.

Chun é seo a dhéanamh:

  • Cliceáil ar ‘Bainistigh Mo Chuid Deimhnithe’ ar an scáileán logála isteach Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
  • Faoi ‘Léireofar deimhnithe lódáilte anseo', cuardaigh an deimhniú a bhfuil an teachtaireacht earráide ag teacht aníos ina leith.
  • Cliceáil ar an siombail den ‘bhosca bruascair’ chun an deimhniú a bhaint.
  • Lean na treoracha chun do dheimhniú is deireanaí a lódáil.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar an treoirleabhar:

Mura bhfuil tú in ann an deacracht a réiteach, agus más tusa an riarthóir ROS, bain úsáid as an bhfeidhm Athshocraigh logáil isteach .

Más fo-úsáideoir thú, déan teagmháil le do riarthóir ROS agus féadfaidh an riarthóir fo-dheimhniú nua a eisiúint chugat.

Ar aghaidh: Deimhniú imithe in éag