Deacrachtaí maidir le clárú le haghaidh Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Ní bhfuarthas litir RAN

Mura bhfuil Uimhir Rochtana ROS (RAN) faighte agat tar éis Céim 1 don phróiseas clárúcháin le haghaidh ROS a bheith comhlánaithe agat, tabhair do d'aire:

  • Féadfaidh sé go dtógfaidh sé oiread agus cúig go seacht lá oibre go dtí go dtagann an litir RAN.
  • Seolann na Coimisinéirí Ioncaim an litir chuig an seoladh atá ar an taifead le haghaidh na hUimhreach Clárúcháin Cánach.  Má tá mórán seoltaí ar an gcomhad agat, ba chóir duit seiceáil má seoladh é chuig aon cheann de na seoltaí seo.
  • Má tá seans go bhfuil an seoladh mícheart, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim chun é seo a thabhairt cothrom le dáta.  Tar éis an seoladh a thabhairt cothrom le dáta, déan teagmháil leis an Deasc Chabhrach Theicniúil ROS.
  • Má tá breis agus seacht lá ann agus má tá an seoladh ceart, déan teagmháil leis an Deasc Chabhrach Theicniúil ROS.

Ar aghaidh: Ní bhfuarthas pasfhocal córais