Cén chaoi leis na ceisteanna slándála ar ROS a nuashonrú

Féadtar na ceisteanna slándála a úsáid chun rochtain ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a fháil ar ais go tapa más rud é go bhfuil an méid seo a leanas i gceist:

  • tá do dheimhniú digiteach ROS caillte agat
  • tá dearmad déanta agat ar do phasfhocal ROS
  • tá an deimhniú imithe in éag.

Ní mór duit athbhreithniú a dhéanamh ar na ceisteanna slándála ó am go ham lena chinntiú go bhfuil tú in ann iad a fhreagairt, más gá.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach an treoir Cén chaoi leis na ceisteanna slándála ar ROS a nuashonrú.