An Córas um Rialú agus um Ghluaiseacht Máil (EMCS)

Léargas ginearálta

Is córas ríomhaire é EMCS a éascaíonn earraí inmháil dleachta ar fionraí a aistriú laistigh den AE faoi láthair. Tá sonraí ar gach coinsíneacht sa Cháipéis Riaracháin Leictreonach (e-AD). Déanfaidh na coimeádaithe stórais cáipéisí e-AD a mhalartú le coimeádaithe stórais agus le trádálaithe eacnamaíocha i mBallstáit eile an AE.

Sonraítear sa DDNEA na riachtanais dearaidh ar gá do gach Feidhmchlár Máil a Forbraíodh go Náisiúnta (NDEA) agus do gach Feidhmchlár Máil a Forbraíodh go Lárnach (CDEA) cloí leo.

Féadfaidh sé go bhfuil roinnt difríochtaí ann idir an tSonraíocht um an gCóras Feidhmiúil Máil (FESS) agus an DDNEA. Ba chóir glacadh leis an DDNEA mar an treoirlíne don fhorbairt.

Ar aghaidh: Doiciméad um Dhearadh d'Fheidhmchláir Náisiúnta Máil (DDNEA), céim 4.0