Tástáil Comhéadain Phoiblí – CCA – Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU)

Céard is Tástáil Comhéadain Poiblí (PIT) ann?

Deartar timpeallachtaí PIT Custam chun ardán tástála a chur ar fáil d’fhorbróirí bogearraí agus a gcuid custaiméirí le dearbhuithe tástála a thíolacadh. Tugann sé deis dóibh raon tástála de Sheirbhísí Gréasáin Custam Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a fhiosrú. 

Tá Timpeallacht PIT amháin ar fáil d’fhorbróirí bogearraí. Is é an timpeallacht PIT ná an timpeallacht PIT Software Test Next Version. Beidh feidhmiúlacht ábhartha d’fhorbróirí ann lena mbogearraí a thastáil roimh an eisiúint bheo. 

Is do thástáil nascachta go príomha an timpeallacht PIT. Chomh maith leis sin, cuireann sé ar chumas na bhforbróirí bogearraí tastáil a dhéanamh i gcoinne thromlach na n-iarratas teachtaireachta agus freagartha éagsúla. Ní timpeallacht cuimsitheach atá ann, áfach, agus dá bhrí sin ní thacófar le roinnt cásanna. Beidh uasdátuithe ar an timpeallacht PIT á n-eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim de réir mar a leanann an fhorbairt ar aghaidh. Féadtar liosta de na cineálacha teachtaireachtaí agus an fheidhmiúlacht atá ar fáil a fháil sna doiciméid thíos. 

Is eisiúint alfa í seo, agus dá bhrí sin is gá duit na gnéithe seo a chur san áireamh: 

  • Beidh aga neamhfhónaimh ann ó am go ham
  • Beidh fabhtanna ann.

Beidh cur i bhfeidhm an dearbhaithe H7 beo ar an 01 Iúil 2021 agus tá sé ar fáil anois in Tástáil Comhéadain Phoiblí (PIT)

Tabhair do d’aire go bhfuil na scéimirí H7 éagsúil ó na scéimirí CIU atá ann faoi láthair. Féach an leathanach ar Scéimirí CIU agus WSDL le haghaidh tuilleadh eolais.

Tá timpeallacht nua r-Chustaim PIT ann le haghaidh tástálacha CIU. Tá sé seo éagsúil ón timpeallacht AEP PIT atá ann agus dá bhrí sin beidh teastas ROS nua ag teastáil uait.

Is le haghaidh tástála B2B atá an timpeallacht CIU PIT seo, Software Test Next Version. Ní féidir logáil isteach ann de láimh le do theastas ROS.

Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag tabhairt a gcuid seirbhísí Custaim ROS ar líne suas chun dáta chun teacht leis an eisiúint CIU i mí na Samhna. Tá na seirbhísí gréasáin SOAP tugtha suas chun dáta agus tá seirbhísí gréasáin REST nua ann.

Tíolaic aon fhiosruithe maidir leis seo trí Áis na Deisce Seirbhíse PIT s’againn.

PIT – Treoracha agus Eolas Úsáideach

Cuireann an rannán seo doiciméid ar fáil a chuireann úsáideoirí ar an eolas maidir le:

  • Cén chaoi le clárú chun rochtain a fháil ar thimpeallacht PIT le haghaidh na seirbhísí CIU nua.
  • Cén chaoi le fiosruithe nó fadhbanna a ardú.
  • Cásanna tástála nascachta tacaithe a fhéadtar a dhéanamh in PIT. 

Doiciméid PIT: 

Doiciméid AIS:

Ar aghaidh: Cód Custam an Aontais – Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU) V1 – (Scéimrí agus WSDL)