Tuairisceáin Tríú Páirtí

Ní mór do ranna Rialtais, institiúidí airgeadais, gnóthais trádála agus ghairmiúla agus eagraíochtaí áirithe eile tuairisceáin tríú páirtí a thíolacadh. Bíonn faisnéis sna tuairisceáin seo faoi ghnóthas an tíolaiceora nach mór a nochtadh do na Coimisinéirí Ioncaim. Ní mór na tuairisceáin seo a thíolacadh go bliantúil.

Tá cineálacha éagsúla tuairisceán tríú páirtí ann agus féadfaidh sé go gcaithfidh roinnt eagraíochtaí níos mó ná cineál amháin tuairisceáin a thíolacadh gach bliain. Féadfaidh sé go gcaithfidh bainc, mar shampla, tuairisceáin tríú páirtí a thíolacadh i leith ús ar thaiscí a íocadh le custaiméirí agus tuairisceán eile i leith íocaíochtaí chuig a chuid soláthraithe.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar Thuairisceáin Tríú Páirtí sa rannán ar Chuideachtaí agus Carthanais.