Riachtanais chórais

Léargas ginearálta

Tá achoimre sa rannán seo ar na riachtanais chórais le haghaidh na seirbhísí ar líne seo a leanas:

  • Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
  • Cáin Maoine Áitiúil (CMÁ).
  • moChúrsaí.

Chun na seirbhísí ar líne seo a léiriú mar is ceart, ní mór go gcloífeadh do ríomhaire nó gléas eile le riachtanais áirithe theicniúla. Molann muid go n-úsáideann tú an leagan is déanaí den chóras oibriúcháin agus den bhrabhsálaí is rogha leat i gcónaí. Cinnteoidh sé seo go mbeidh na gnéithe agus na socruithe slándála is deireanaí atá ar fáil agat i gcónaí.

Ar aghaidh: Riachtanais chórais ROS