Riachtanais chórais
Riachtanais chórais do Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
Féadtar teacht ar ROS le réimse leathan córas oibriúcháin agus brabhsálaithe.
Socruithe brabhsálaithe gréasáin
Ba chóir duit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- úsáid brabhsálaí comhoiriúnach agus cumasaigh JavaScript
- cumasaigh fianáin
- ceadaigh preabfhuinneoga le haghaidh ROS.
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar an rannán cabhrach le haghaidh Taifead na gCoimisinéirí Ioncaim.
Cuntas ríomhphoist
Chun bheith i do chustaiméir ROS, ní mór cuntas ríomhphoist gníomhach a bheith agat. Iarrfar ort do sheoladh ríomhphoist a chur ar fáil do ROS nuair atá tú ag déanamh iarratas ar bheith i do chustaiméir ROS.
Mar chustaiméir ROS, seolfar ríomhphoist chugat chun tú a chur ar an eolas sna cásanna seo:
- nuair atá do thuairisceáin dlite
- nuair atá doiciméid curtha sa bhosca isteach ar do Thaifead na gCoimisinéirí Ioncaim.
Féadtar an seoladh ríomhphoist atá cláraithe agat le ROS a athrú sa chluaisín 'Próifíl' in ROS.
Foilsithe: 08 Bealtaine 2026