Táillí graí con

Bíonn aon bhrabús nó gnóthachain a bhfaighfidh tú ó tháillí graí con inchánach. Ní mór duit na brabúis seo a dhearbhú ar do thuairisceán bliantúil cánach faoi ‘Ioncam trádála’.

Má tá tú cláraithe le haghaidh Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT), úsáid moChúrsaí chun do Thuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlíonadh.

Má tá tú féinfhostaithe, iontrálaigh an suim ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11) ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) i bPainéal B 'Ioncam ó cheirdeanna, gairmeacha nó gairmeacha beatha’.