Film Relief

Scéim dreasachta a bhí san Fhaoiseamh Scannán a dearadh le hinfheistíocht i scannáin a chothú trí fhaoiseamh cánach i leith infheistíochtaí infheisteoirí aonair a dheonú. Go minic tugtar an faoiseamh Alt 481 ar an bhfaoiseamh seo. Bhí sé ar fáil mar chreidmheas cánach pearsanta d’infheisteoirí roimh an 31 Nollaig 2014. An tréimhse chánach is déanaí a d’fhéadfadh infheisteoir an creidmheas a éileamh ná i leith na bliana 2015. 

Níl Alt 481, ar a dtugtar creidmheas cánach i leith scannán anois, ar fáil ach amháin do chuideachtaí léiriúcháin sa tionscal léiriúcháin scannán. Tá tuilleadh eolais ar an leathanach Faoiseamh Scannán sa rannán Cuideachtaí agus carthanais ar an scéim atá ina áit.