Faoiseamh Scannán (Creidmheas Cánach i leith Scannán faoi Alt 481)

Léargas ginearálta

Ó 2015, ní raibh Faoiseamh Scannán ar fáil ach amháin do chuideachtaí léiriúcháin sa tionscal scannán agus léiriúcháin scannán. 

Féadfaidh cuideachta léiriúcháin faoiseamh scannán a úsáid mar chreidmheas i leith Cáin Chorparáide. Má tá an faoiseamh níos mó ná an cháin dhlite, íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an difríocht. 

Braitheann suim an fhaoisimh dhlite ar chostais léiriúcháin an scannáin cháilithigh. Is éard atá sa chreidmheas ná 32% de cibé acu is lú den mhéid seo:

  • de chaiteachas incháilithe
  • de 80% de chostais iomlána léiriúcháin an scannáin cháilithigh
  • de €70 milliún. 

Tar éis athruithe don Acht Airgeadais, 2018, níl baint ag na Coimisinéirí Ioncaim leis an bpróiseas iarratais a thuilleadh. Faoin gcóras féinmheasúnaithe, tá dhá chéim i gceist:

  1. Ní mór don chuideachta léiriúcháin iarratas ar ‘dheimhniú cultúrtha’ dhéanamh leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán sula dtosaíonn siad ar an scannán. Is deimhniú é seo gur scannán cáilitheach é chun críocha an chreidmheasa.
  2. I gcás cuideachtaí léiriúcháin a fhaigheann deimhniú cultúrtha agus a chomhlíonann riachtanais eile an chreidmheasa, déanfaidh siad éileamh ar an gcreidmheas trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

 Féadtar éileamh ar an gcreidmheas a dhéanamh ina iomláine tar éis an scannán a chríochnú. De rogha air sin, féadtar éileamh a dhéanamh ar suas le 90% den chreidmheas bunaithe ar chaiteachas buiséadaithe (an t-iarmhéid a éileamh ar chríochnú an scannáin.

Féach an nóta treorach Part 15-02-04 le haghaidh tuilleadh eolais.

Ar aghaidh: Ardú céatadáin d'Fhorbairt Scannáin Réigiúnacha