Faoiseamh Scannán (Creidmheas Cánach i leith Scannán faoi Alt 481)
Creidmheas feabhsaithe do scannáin ar bhuiséad níos ísle
Tabhair do d'aire
Ní féidir an chreidmheas feabhsaithe a chur i bhfeidhm ach amháin maidir le scannáin incháilithe a bheidh deimhnithe ar an 20 Bealtaine 2025, nó dá éis.
Tugadh isteach an creidmheas feabhsaithe do scannáin ar bhuiséad níos ísle (ar a dtugtar an 'Scéal uplift' freisin) san Acht Airgeadais 2024.
D'fhéadfadh sé go mbeadh an ráta feabhsaithe de 40% i gceist leis an gCreidmheas Cánach Corparáide i leith scannán do scannáin incháilithe atá ar bhuiséad níos ísle, sa chás:
- go bhfuil caiteachas incháilithe an scannáin níos lú ná €20 milliún
- gur príomhscannán nó príomhscannán beochana é
- agus
- go bhfuil ceann amháin nó níos mó de na príomh-róil chrutheaitheacha á gcomhlíonadh ag duine atá ina shaoránach nó atá gnáthchónaitheach i Stát den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE).
Áirítear leis na príomh-róil chruthaitheacha:
- stiúrthóir scannáin
- scríbhneoir scripte scannáin
- post cruthaitheach sinsearach eile, mar a shonraítear sna rialacháin.
Ag cur iseach ar an deimhniú cultúrtha
Ní mór don chuideachta léiriúcháin iarratas a dhéanamh ar dheimhniú cultúrtha ón Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt sula dtosaítear ar an táirgeadh. Ní mór dóibh, le linn an phróisis iarratais, a iarraidh go sonraítear sa deimhniú go bhféadfadh an creidmheas feabhsaithe a bheith infheidhme maidir leis an tionscadal.
Má mheastar go gcomhlíonfar na critéir, sonróidh an deimhniú cultúra go bhféadfadh an ráta 40% a bheith infheidhme maidir leis an scannán.
Rátaí don chreidmheas feabhsaithe
Más amhlaidh go ndéantar éileamh tosaigh bunaithe ar chaiteachas measta suas go dtí 90% den chreidmheas, ríomhtar an creidmheas ag an gcaighdeán ráta 32%.
Nuair a bheidh an scannán incháilithe críochnaithe, má chomhlíonann sé na critéir don chreidmheas feabhsaithe, ríomhtar luach an chreidmheasa ag úsáid an ráta 40%. Déantar an méid a éileamh, lúide aon mhéid a éilíodh cheana féin, ag úsáid an ráta 32%.
Dearbhú creidmheasa feabhsaithe
Ag an am a dhéantar an éileamh, ní mór don chuideachta léiriúcháin dearbhú a thíolacadh trí M'Fhiosruithe trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
Chun an fhoirm dhearbhaithe a thíolacadh, lean na céimeanna seo a leanas:
- Sínigh isteach ar ROS
- Cliceáil ar M’Fhiosruithe
- Roghnaigh an chatagóir 'Cáin Chorparáide (CC)'
- Roghnaigh an fhochatagóir 'Creidmheas Cánach Scannáin'
- Uaslódáil an dearbhú críochnaithe
Tá treoir maidir leis an bpróiseas iarratais ar dheimhniú cultúrtha faoi Alt 481 ar fáil ar shuíomh idirlín na Roinne Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach na Rialacháin Scannán (Creidmheas feabhsaithe do scannán ar bhuiséad níos ísle) (Leasú) 2025.
Ar aghaidh: Tairbhithe an Fhaoisimh Scannán