Faoiseamh Scannán (Creidmheas Cánach i leith Scannán faoi Alt 481)

Cáin Iarchoimeádta ar Scannáin (CIS)

Féadfaidh cuideachta cháilitheach aisteoirí neamhchónaitheacha a foshtú ó thaobh amuigh den:

  • Aontas Eorpach (AE)
  • Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe.

Má dhéanann, ní mór dóibh cáin a iarchoimeád óna n-íocaíocht. Tugtar an Cháin Iarchoimeádta ar Scannáin air seo. Tá an CIS i bhfeidhm ó 10 Eanáir 2015 agus is é 20% an ráta cánach. 

Féadfaidh an chuideachta an íocaíocht seo a dhéanamh le cuideachta, gníomhaire, bainisteoir nó tríú páirtí eile ar son an aisteora. 

Féadfaidh cuideachta aisteoir neamhchónaitheach a fhostú in dhá cháil. Mar shampla, féadfaidh aisteoir oibriú chomh maith mar stiúrthóir. Más amhlaidh an cás, ní mór don chuideachta ach an cháin ar an íocaíocht a bhaineann leis an aisteoireacht a iarchoimeád. 

Má tá an t-aisteoir cónaitheach sna Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM), ní mór do chuideachta CIS a ghearradh ar íocaíochtaí (costais san áireamh) os cionn US$20,000. Tá sé amhlaidh toisc go bhfuil Double Taxation Treaty déanta idir Éirinn agus SAM. 

Iarrfaidh cuideachta an t-eolas seo a leanas ó dhuine neamhchónaitheach a bhfuil siad ag déanamh íocaíochta leo ar mhaithe leis an CIS a oibriú mar is ceart:

  • A seoladh poist.
  • A dtír chónaitheachta.
  • agus
  • A nUimhir Thagartha Cánach (UTC) sa tír chónaitheachta. 

Ní mór don chuideachta Foirm CIS 45 (deimhniú asbhainteachta) a chomhlánú nuair atá siad ag oibriú an CIS. Níl an fhoirm seo ar fáil le híoslódáil, ach féadtar ceann a iarraidh ach ríomhphost a chur chuig an Aonad Cánach Iarchoimeádta ar Scannáin sna Coimisinéirí Ioncaim. Ba chóir an t-eolas seo a leanas a chur san áireamh i do ríomhphost:

  • Ainm na cuideachta cáilithí.
  • UTC na Cuideachta.
  • Ainm teagmhála agus sonraí teagmhála na cuideachta.
  • Seoladh chun foirmeacha a sheoladh chuige.
  • agus
  • Líon na bhfoirmeacha a theastaíonn. 

Nuair a bheidh an Fhoirm CIS 45 comhlánaithe, ní mór don chuideachta an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cuid 1 a thabhairt don duine a bhfuil siad ag déanamh íocaíochta leo
  • agus
  • cuid 2 a choinneáil dá dtaifid féin. 

Tuairisceáin CIS

Ní mór do chuideachta tuairisceán cánach a thíolacadh i leith gach mí a dhéanann siad íocaíocht agus cáin a iarchoimeád. Ní mór an méid seo a leanas a chur san áireamh sa tuairisceán:

  • sonraí an duine a bhfuil siad ag déanamh íocaíochta leo
  • sonraí na híocaíochta
  • agus
  • an uimhir slándála ar an bhFoirm CIS 45. 

Féadfaidh an chuideachta iarratas a dhéanamh ar fhoirm tuairisceáin cánach ach ríomhphost a chur chuig an Aonad Cánach Iarchoimeádta ar Scannáin. Ní mór an méid seo a leanas a chur san áireamh ina n-iarratas:

  • ainm na cuideachta
  • UTC na cuideachta
  • agus
  • ainm teagmhála agus a sonraí teagmhála. 

Ní mór an tuairisceán cánach a thíolacadh trí Seirbhís Aistrithe Comhad na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh CIS (SACCICIS) faoin 23ú lá den mhí tar éis an íocaíocht a dhéanamh. Ba chóir an CIS a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim ag an tráth seo. 

Féadtar muirear úis a thabhú mar thoradh ar aon íocaíochtaí déanacha.  Féadtar muirear pionóis a thabhú mar thoradh ar thuairisceán déanach. Gearrtar €5,000 mar uasphionós. Ní theastaíonn tuairisceán sa chás nár iarchoimeádadh aon CIS. 

Cén chaoi a n-íoctar CIS leis na Coimisinéirí Ioncaim?

Féadtar íocaíochtaí le haghaidh CIS a dhéanamh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) agus moChúrsaí ag baint úsáid as réimse modhanna íocaíochta.