Faoiseamh Scannán (Creidmheas Cánach i leith Scannán faoi Alt 481)
Méid creidmheasa feabhsaithe do mhaisíochtaí físe
Tugadh an méid creidmheasa feabhaithe do mhaisíochtaí físe isteach leis an Acht Airgeadais 2025.
Féadfaidh ráta feabhsaithe 40% a bheith i bhfeidhm maidir leis an gCreidmheas Cánach Corparáide Scannáin do thionscadail maisíochtaí físe. Féadfaidh an ráta feabhsaithe a bheith i bhfeidhm:
- maidir le tionscadail lena mbaineann íoschaiteachas €1 mhilliún sa Stát ar obair ábhartha maisíochtaí físe
- agus
- maidir le huasmhéid €10 milliún de chaiteachas incháilithe ar scannán.
Baidh feidhm ag an ráta caighdeánach 32% maidir le haon chaiteachas os cionn an mhéid sin.
Tabhair do d'aire
Ní fhéadtar an méid creidmheasa feabhsaithe a chur i bhfeidhm ach amháin maidir le scannáin cháilitheacha a dheimhnítear ar an 16 Iúil 2026, nó dá éis.
Féadfaidh tionscadal maisíochtaí físe:
- a bheith comhdhéanta go hiomlán nó den chuid is mó d'obair ábhartha maisíochtaí fise
- nó
- a bheith ina léiriúchán mór lena n-áirítear an t-íosleibhéal riachtanach d'obair ábhartha maisíochtaí físe.
Tá miondealú iomlán ar an méid atá i gceist le hobair ábhartha maisíochtaí físe chun críocha an mhéid creidmheasa fheabhsaithe mar atá leagtha amach sna rialacháin Film (Enhanced Credit Amount for Visual Effects) Regulations 2026.
Ag cur iseach ar an deimhniú cultúrtha
Ní mór don chuideachta léiriúcháin iarratas a dhéanamh ar dheimhniú cultúrtha ón Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt sula gcuirtear tús leis an léiriúchán.
Le linn an phróisis iarratais, ní mór don chuideachta a iarraidh freisin go sonrófaí sa dheimhniú go bhféadfaidh an méid creidmheasa feabhsaithe do mhaisíochtaí físe a bheith i bhfeidhm maidir leis an tionscadal.
Tá treoir maidir leis an bpróiseas iarratais ar dheimhniú cultúrtha faoi Alt 481 ar fáil ar shuíomh idirlín naRoinne Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.
I gcás ina meastar go gcomhlíonfar na critéir ábhartha, luafar sa deimhniú cultúrtha go bhféadfaidh an méid creidmheasa feabhaithe do mhaisíochtaí físe a bheith i bhfeidhm.
Rátaí don Mhéid Chreidmheasa Feabhsaithe
Ní mór éilimh tosaigh bunaithe ar chaiteachas buiséadaithe le haghaidh suas go dtí 90% den chreidmheas a ríomh ag an ráta caighdeánach 32%.
Ar chríochnú an scannáin, má chomhlíonann an scannán na critéir don chreidmheas feabhsaithe, féadfaidh an ráta 40% a bheith i bhfeidhm maidir le caiteachas incháilithe os cionn €10 milliún. Beidh feidhm ag an ráta caighdeánach 32% maidir le caiteachas ábhartha os cionn €10 milliún.
Ní mór an méid a éilíodh roimhe sin sna héilimh tosaidh a asbhaint ó mhéid iomlán deiridh an chreidmheasa a ríomhtar ar chríochnú an scannáin.
Dearbhú don Mhéid Chreidmheasa Feabhsaithe
Ag an am a dhéantar an t-éileamh deiridh, ní mór don chuideachta léiriúcháin Dearbhú a thíolacadh freisin trí M'Fhiosruithe trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
Chun an fhoirm Dearbhaithe a thíolacadh, lean na céimeanna seo a leanas:
- Sínigh isteach ar ROS.
- Cliceáil ar M’Fhiosruithe.
- Roghnaigh an chatagóir 'Cáin Chorparáide (CC)'.
- Roghnaigh an fhochatagóir 'Creidmheas Cánach Scannáin'.
- Uaslódáil an dearbhú críochnaithe.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Film (Enhanced Credit Amount for Visual Effects) Regulations 2026.
Ar aghaidh: Tairbhithe an Fhaoisimh Scannán