Faoiseamh i leith infheistíochta i dtrádálacha corparáideacha do dhaoine aonair
    An Faoiseamh d'Fhiontraithe i leith Cuideachtaí Nua-Thionscanta (FFCNT)
Is faoiseamh cánach é FFCNT trína dtugtar aisíocaíocht i leith Cánach Ioncaim a d’íoc tú i mblianta roimhe. Féadtar an faoiseamh a éileamh má tá tú ag tosú do ghnó féin agus más duine de na daoine seo thú:
- fostaí
 
- duine dífhostaithe
 
- duine a cuireadh ar iomaíocht le déanaí.
 
Is iad na coinníollacha ginearálta do SURE ná gur gá:
- cuideachta nua a bhunú agus gníomhaíocht trádála nua cháilitheach ar bun aici
 
- ioncam Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) go príomha a bheith agat sna ceithre bliana roimhe
 
- fostaíocht lánaimseartha a thosú sa chuideachta nua mar stiúrthóir nó mar fhostaí
 
- airgead tirim a infheistiú sa chuideachta nua trí scaireanna nua a cheannach  
 
- na scaireanna ceannaithe a choinneáil ar feadh ceithre bliana ar a laghad.
 
Tá roinnt coinníollacha sonracha is gá don duine aonair agus don chuideachta a chomhlíonadh chun cáiliú don fhaoiseamh seo.
Féadtar tuilleadh sonraí i leith infheistíochta cháilitheach a fháil in Relief for investment in corporate trades.
      
  		Ar aghaidh: Conas faoiseamh a éileamh i leith scaireanna