Céard is gá a dhéanamh

Léargas ginearálta

Tá Cáin Talún Criosaithe Cónaithe (CTCC) tugtha isteach ag an Rialtas. Spreagfaidh sé seo méadú ar an soláthar tithíochta de réir mar a dhéantar tailte a fhorbairt atá seirbhísithe agus criosaithe go hiomlán nó go páirteach le haghaidh úsáide cónaithe. Is cáin bhliantúil fhéinmheasúnaithe í, arna ríomh ag 3% de luach margaidh na talún laistigh de mhuirear na cánach.

Láithreán ábhartha

Is láithreán ábhartha é talamh atá le feiceáil ar léarscáil athbhreithnithe bliantúil, a fhoilsíonn an t-údarás áitiúil ábhartha sa chás go bhfuil an talamh:

  • criosaithe mar atá oiriúnach d'fhorbairt chónaithe, nó le haghaidh meascán úsáidí lena n-áirítear úsáid chónaithe
  • agus
  • atá seirbhísithe, laistigh de raon feidhme an CTCC, le heisceachtaí áirithe.  

Iarrtar ort athbhreithniú a dhéanamh ar na léarscáileanna seo chun a dheimhniú an bhfuil do thalamh faoi réir na cánach nó nach bhfuil.

Maoine eisiata

Tá maoine áirithe eisiata ón CTCC, fiú má tá siad le feiceáil ar léarscáil athbhreithnithe bliantúil. I measc na maoine atá eisiata ón CTCC, tá maoine cónaithe atá faoi réir na Cánach Maoine Áitiúil (CMÁ). Mar sin féin, ní mór duit clárú don CTCC más rud é:

  • go bhfuil an mhaoin chónaithe san áireamh ar léarscáil athbhreithnithe bhliantúil
  • agus
  • go bhfuil gairdín nó clós ag an maoin chónaithe atá níos mó ná 0.4047 heicteár (1 acra).

Iarratais ar athchriosú 2025

Sa chás go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, féadtar, mar úinéir talún, díolúine ón CTCC a éileamh do 2025 trí iarratas ar athchriosú a dhéanamh. Chun an díolúine a éileamh le haghaidh 2025, ní mór duit an t-iarratas ar athchriosú a thíolacadh chuig an údarás áitiúil ábhartha.

Tá feidhm leis seo fiú má cuireadh iarratas ar athchriosú isteach roimhe seo maidir leis an talamh sin. Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas athchriosaithe seo ar fáil ar gov.ie/rzlt.

Chun an díolúine seo a éileamh, ní mór duit a bheith cláraithe don CTCC agus Tuairisceán CTCC le haghaidh 2025 a thíolacadh faoin 23 Bealtaine 2025.

Tabhair do d'aire

Soláthraítear an deis leis an Acht Airgeadais 2024 chun iarratas athchriosaithe a dhéanamh. Ba chóir an t-iarratas seo a dhéanamh chuig údaráis áitiúla maidir le talamh atá le feiceáil ar an léarscáil athbhreithnithe do 2025 (foilsithe ar 31 Eanáir 2025).

Ar aghaidh: Seiceáil an bhfuil do thalamh ar léarscáil athbhreithnithe bliantúil