Trádáil Leictreonach Scaireanna (CREST)
Díolúine i leith caipitlithe margaidh
Baineann an díolúine i leith caipitlithe mairgaidh le haistrithe áirithe stoic agus urrúis indíolta (urrúis ábhartha). Tá an díolúine ar fáil ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2030. Tugtar léargas ar an díolúine ar an leathanach seo. Le haghaidh tuilleadh treorach, féach Stamp Duty Manual Part 7 - Section 86B: Caipitliú margaidh.
Coinníollacha cáilitheacha
Beidh feidhm ag an díolúine má chomhlíontar na trí choinníoll seo a leanas.
Coinníoll 1
Ar dháta an idirbhirt, ligtear isteach na hurrúis ábhartha chun trádála ar mhargadh ábhartha. Is éard atá i gceist le margadh ábhartha ná:
- Margadh rialáilte de réir bhrí an MiFID II Directive. (Mar shampla, Euronext Dublin.)
- Saoráid trádála iltaobhach de réir bhrí an MiFID II Directive. (Mar shampla, Euronext Growth market arna oibriú ag Euronext Dublin.)
- nó
- Margadh lasmuigh den Aontas Eorpach (AE) atá coibhéiseach le margadh rialáilte nó le saoráid trádála iltaobhach. (Mar shampla, Stocmhalartán Londan.)
Coinníoll 2
Bhí caipitliú margaidh dúnta eisitheoir na n-urrús ábhartha faoi bhun €1 billiún ar an 1 Nollaig na bliana roimhe sin.
Má ligeadh isteach na hurrúis ábhartha chun trádála tar éis an 1 Nollaig den bhliain roimhe sin, tá coinníoll malartach i bhfeidhm. Is é an coinníoll malartach seo ná go raibh caipitliú margaidh ionchasach an eisitheora ar ligean isteach chun trádála faoi bhun €1 billiún.
Coinníoll 3
Tarlaíonn an t-idirbheart le linn na tréimhse díolúine.
Tréimhse Díolúine
Ní féidir feidhm a bheith ag an díolúine mura dtugtar fógra bailí do na Coimisinéirí Ioncaim maidir leis an gcaipitliú margaidh is infheidhme.
I gcás ina ndéantar fógra bailí maidir le caipitliú margaidh dúnta eisitheora amhail an 1 Nollaig de bhliain áirithe, maidir leis an tréimhse díolúine:
- tosaíonn sé dhá sheachtain tar éis an fógra a thabhairt, nó an 1 Eanáir den bhliain dár gcionn, cibé acu is déanaí
- agus
- críochnaíonn sé an 31 Nollaig ina dhiaidh sin.
Sampla 1
Déantar fógra bailí maidir le caipitliú margaidh cuideachta amhail an 1 Nollaig 2025, a thabhairt ar an 6 Nollaig 2025. An tréimhse díolúine:
• tosaíonn sé ar an 01 Eanáir 2026
agus
• críochnaíonn sé ar an 31 Nollaig 2026.
Sampla 2
Déantar fógra bailí maidir le caipitliú margaidh dúnta cuideachta amhail an 1 Nollaig 2025, a thabhairt ar an 2 Eanáir 2026. An tréimhse díolúine:
• tosaíonn sé ar an 16 Eanáir 2026
agus
• críochnaíonn sé ar an 31 Nollaig 2026.
I gcás ina dtugtar fógra bailí maidir le caipitliú margaidh ionchasach eisitheora ar ligean isteach chun trádála tar éis an 1 Nollaig de bhliain áirithe, seo a leanas an tréimhse díolúine:
- tosaíonn sé dhá sheachtain tar éis an fógra a thabhairt, nó an 1 Eanáir den bhliain dár gcionn, cibé acu is déanaí
- agus
- críochnaíonn sé an 31 Nollaig ina dhiaidh sin.
Sampla 3
Ní mór do chuideachta urrúis ábhartha a ligean isteach chun trádála ar mhargadh ábhartha ar an 27 Feabhra 2026. Déantar fógra bailí maidir le caipitliú margaidh ionchasach cuideachta a thabhairt ar an 13 Feabhra 2026. An tréimhse díolúine:
• tosaíonn sé ar an 27 Feabhra 2026
agus
• críochnaíonn sé ar an 31 Nollaig 2026.
Conas fógra bailí a thabhairt
Is féidir fógra bailí a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim maidir leis an gcaipitliú margaidh is infheidhme trí:
- oibreoir an mhargaidh
- nó
- eisitheoir na n-urrús ábhartha.
Chun fógra bailí a thabhairt, ní mór ríomhphost a sheoladh chuig CREST@revenue.ie:
Ní mór faisnéis ábhartha a chur san áireamh chun tacú leis an bhfógra. Ba cheart go n-áireofaí leis sin míniú ar an gcaoi ar ríomhadh an caipitliú margaidh.
Sonraí na faisnéise a cuireadh in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim
Tugann sonraí maidir le fógraí caipitlithe margaidh Details of market capitalisation notifications 2025 le fios cén fógraí bailí a rinneadh leis na Coimisinéirí Ioncaim don bhliain 2025. Áirítear leis seo na sonraí na tréimhsí díolúine do gach eisitheoir.
Má theastaíonn cabhair uait
Má tá cabhair uait, seol ríomhphost chuig CREST@revenue.ie agus "Díolúine i leith caipitilithe margaidh" sa líne ábhair.
Cén chaoi le díolúine a éileamh
Féadtar an díolúine a éileamh nuair a bhíonn urrúis ábhartha:
- á thrádáil go leictreonach (sa chóras socraíochta leictreonach)
- nó
- á n-aistriú trí fhoirm aistrithe stoic (i dtuairisceán Dleachta Stampála a thíolactar tríd an gcóras ríomh-stampála).