Aisíocaíochtaí eile Dleachta Stampa

Teorainn ama ar éilimh aisíocaíochta i leith Dleacht Stampa

Ní mór d’éileamh aisíocaíochta Dleachta Stampa a dhéanamh taobh istigh de thréimhse ceithre bliana dar tús:

Ní mór aisíocaíocht Dleachta Stampa a éileamh laistigh de thrí bliana ón dáta a eisíodh an Deimhniú Stampa ar ionstraimí áirithe in éineacht le comhaontú tógála i leith teach cónaithe nó árasán. Ní mór aisíocaíocht Dleachta Stampa a éileamh freisin laistigh de thrí bliana ón dáta a eisíodh an Deimhniú Stampa ar léasanna áirithe in éineacht le comhaontú tógála i leith teach cónaithe nó árasán.

Is iad an méid thuas na cineálacha is coitianta d'éilimh aisíocaíochta Dleachta Stampa. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na teorainneacha seo agus teorainneacha ama maidir le cineálacha eile éilimh ar aisíocaíocht Dleachta Stampa, féach ar A159A den ACDS, 1999.