Dleacht Stampála a aisíoc sa chás go n-úsáidtear talamh le haghaidh forbartha cónaithe (S83D)

Léargas ginearálta

Nuair a thógann tú aonad cónaithe ar thalamh neamhchónaithe, féadfaidh sé go bhfuil tú incháilithe le haghaidh aisíocaíocht pháirteach den Dleacht Stampála a d'íoc tú nuair a fuair tú an talamh. Féadtar aisíocaíocht a éileamh i leith teach aonair, nó forbairt ilaonad. Ceadaíonn Alt 83D den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa, 1999, don scéim aisíocaíochta seo.

Is éard is aonad cónaithe aonair ann ná teach aonair a thógtar ar phíosa talún. Bíonn níos mó ná teach amháin, nó bloc árasán nó bloic árasán, a thógtar ar phíosa talún, i bhforbairtí ilaonad.

I gcás aonad cónaithe aonair, féadtar aisíocaíocht a éileamh i leith an limistéir atá clúdaithe ag an teach féin ('lorg' an tí) agus suas le 0.4047 heicteár (acra amháin). Tugtar 'cúirtealáiste' ar an 0.4047 heicteár sin agus tagraíonn sé don limistéar timpeall an tí, amhail gairdíní, cosáin agus cabhsáin.

I gcás forbairtí ilaonad, ní mór d'aonaid chónaithe (tithe agus, nó árasáin) 75% ar a laghad den achar talún nó den ollspás urláir a chlúdach. Féach coinníollacha chun aisghlámadh aisíocaíochta a sheachaint chun tuilleadh eolais a fháil.

Is é suim uasta na haisíocaíochta a fhéadtar a éileamh ná:

  • aon cúigiú déag (11/15) den Dleacht Stampála a íocadh má d'íoc tú Dleacht Stampála ag an ráta 7.5%
  • nó
  • dhá thrian (2/3) den Dleacht Stampála a íocadh má d'íoc tú Dleacht Stampála ag an ráta 6%.

Tá eolas mionsonraithe maidir le feidhmiú na scéime aisíocaíochta seo ar fáil i ndoiciméad Treorach na gCoimisinéirí Ioncaim Aisíocaíocht Dleachta Stampála i gcás ina n-úsáidtear talamh le haghaidh forbairt chónaithe. 

Ar aghaidh: Coinníollacha aisíocaíochta do gach éilitheoir