Dleacht Stampála a aisíoc sa chás go n-úsáidtear talamh le haghaidh forbartha cónaithe (S83D)
Cé mhéad a aisíocfar leat?
I ngach cás, is é uasmhéid na haisíocaíochta a fhéadtar a aisíoc leat ná:
- aon cúigiú déag (11/15) má d’íoc tú Dleacht Stampála ag an ráta 7.5% (le haghaidh gníomhais a fhorghníomhaíodh ar an 9 Deireadh Fómhair 2019, nó dá éis)
- dhá thrian (2/3) má d’íoc tú Dleacht Stampála ag an ráta 6% (le haghaidh gníomhais a fhorghníomhaíodh roimh an 9 Deireadh Fómhair 2019).
Ríomhtar méid na haisíocaíochta ag baint úsáide as an bhfoirmle:
- A x B x (11 ÷ 15)
- nó
- A x B x (2 ÷ 3)
má:
- Is é 'A' an méid Dleachta Stampa a íocadh
- agus
- Is é 'B' achar na talún atá á éileamh. Tugadh é seo mar chodán nuair nach bhfuil an t-achar iomlán á éileamh. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach na samplaí thíos.
Ní éilítear aisíocaíocht ach amháin ar achar na talún atá clúdaithe ag an bhFógra um Thosach Feidhme. I gcás aonaid teaghaise aonair, féadtar achar an tí agus an chúirtealáiste a éileamh suas le 0.4047 heicteár (1 acra). Ní cheadaítear an chúirtealáiste a sháríonn 0.4047 heicteár a bheith mar chuid do d'éileamh. Is é an cúirtealáiste an t-achar timpeall an tí amhail gairdíní, cosáin agus cabhsáin. Ní fholaíonn an cúirtealáiste an mhaoin.
Sampla 1
Cheannaigh Máire suíomh 1.1 heicteár ar €100,000 ar an 12 Feabhra 2025. Íocann Máire Dleacht Stampála ag an ráta 7.5% (€7,500).
Rinne sí iarratas ar an 13 Márta 2025 ar chead pleanála chun teach a thógáil ar an suíomh. Tugadh cead pleanála ar an 1 Bealtaine 2025. D'aithin a húdarás áitiúil an Fógra um Thosach Feidhme mar fhógra bailí ar an 30 Meitheamh 2025 agus thosaigh Máire ar an obair thógála láithreach. Is é 0.42 heicteár achar na talún atá clúdaithe ag an bhFógra um Thosach Feidhme.
Clúdaíonn an teach achar 0.02 heicteár agus clúdaíonn an cúirtealáiste achar 0.3 heicteár. Féadfaidh Máire aisíocaíocht a éileamh chomh luath is a thosaíonn obair thógála.
Foirmle na haisíocaíochta a chur i bhfeidhm:
A – Dleacht Stampála a íocadh ag 7.5% = €7,500
B – an cion den suíomh a forbraíodh = 0.2909 (0.32 heictéar / 1.1 heictéar)
€7,500 x (0.2909) x [11/15] = €1600.
Gheobhaidh Máire aisíocaíocht €1,600 agus ní bheidh sí dteideal aisíocaíochta i leith an 0.78 heicteár atá fágtha.
I gcás ilaonad teaghaise, féadtar aisíocaíocht a éileamh fós ar achar talún a chomhlíonann an tástáil 75%. Ciallaíonn sé seo nach mór teaghaisí cónaithe a bheith ar 75% den talamh. Ní fhéadtar na foirgnimh neamhchónaithe a úsáid agus an lorg nó an t-achar comhlán urláir á ríomh.
Sampla 2
Cheannaigh cuideachta tógála, MNP DAC, suíomh 1 heicteár ar an 11 Nollaig 2024. Thíolaic MNP DAC Tuairisceán Dleachta Stampála agus d’íoc siad Dleacht Stampála ag ráta 7.5% (€75,000). Ar an 13 Eanáir 2025, tugadh cead pleanála do MNP DAC chun 20 teach agus óstán a thógáil ar an suíomh ar an 15 Bealtaine 2025.
Tá sé beartaithe ag MNP DAC an suíomh a fhorbairt thar 2 chéim. Tá sé beartaithe an t-óstán agus cúig cinn de na tithe a fhorbairt mar chuid de Chéim 1, agus na 15 teach atá fágtha a fhorbairt i gCéim 2. Nuair a bheidh an suíomh iomlán críochnaithe, ní chomhlíonfar an 75%.
Clúdaíonn an Fógra um Thosach Feidhme do Chéim 1 achar 0.4 heicteár agus ní bheidh tithe ach 10% de Chéim 1. Tosaíonn obair thógála ar Chéim 1. Mar sin féin, ós rud é nach mbeidh ach 10% den talamh a fhorbraítear i gCéim 1 clúdaithe ag tithe, ní éilítear aisíocaíocht i leith na céime.
Clúdaíonn an Fógra um Thosach Feidhme do Chéim 2 achar 0.6 heicteár agus nuair a bheidh sé críochnaithe, beidh tithe ar 80% den suíomh. Nuair a thosaíonn obair thógála ar Chéim 2, éilíonn MNP DAC aisíocaíocht ar an Dleacht Stamp a íocadh ar an 0.6 heicteár.
Agus foirmle na haisíocaíochta á cur i bhfeidhm:
A – Dleacht Stampa a íocadh ag 7.5% = €75,000
B – an cion den suíomh a fhorbraíodh = 0.6 (0.6 heictéar / 1.0 heictéar)
€75,000 x (0.6) x [11/15] = €33,000.
Gheobhaidh MNP DAC aisíocaíocht de €33,000.
Ar aghaidh: Cén uair a fhéadtar éileamh a dhéanamh