Scéim Aisíocaíochta na Dleachta Stampa ar Fhorbraíochtaí Cónaitheacha

Cén uair a fhéadtar éileamh a dhéanamh

Féadtar aisíocaíocht a éileamh nuair a chuirtear tús le hobair tógála ar aonad teaghaise aonair.

Féadtar aisíocaíocht a éileamh i leith gach céim d’fhorbairt il-aonaid nuair a thosaítear obair tógála don chéim sin. Ní mór duit an 'tástáil 75%' a chomhlíonadh sula bhféadtar d'éileamh a thíolacadh.

Glacfar le héilimh bhailí laistigh de cheithre bliana ó dháta d'Fhógra um Thosach Feidhme bailí nó d'Fhógra 7 Lae. Ní ghlacfar le héilimh ar aisíocaíochtaí lasmuigh den teorainn ama ceithre bliana.

Cé go bhfuil ceithre bliana agat chun éileamh a dhéanamh, ní mór duit an obair tógála ar fad a chríochnú laistigh de 30 mí ón bhFógra um Thosach Feidhme.

Ar aghaidh: Cé mhéad a fhéadtar a éileamh?