Dleacht Stampála a aisíoc sa chás go n-úsáidtear talamh le haghaidh forbartha cónaithe (S83D)

Cén chaoi le haisíocaíocht a éileamh

Féadtar éileamh a dhéanamh ar líne trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó moChúrsaí, trí úsáid a bhaint as an gcóras ríomh-Aisíocaíochtaí.

Ní mór na doiciméid seo a leanas a uaslódáil agus d’éileamh á dhéanamh agat.

Ceadóidh muid éileamh bailí ar líne agus déanfaidh muid an aisíocaíocht a lóisteáil i do chuntas bainc.

Glacfar le héilimh bailí laistigh de cheithre bliana ón dáta a adhmhaítear d'fhógra tosach feidhme bailí. Ní ghlacfar le héilimh ar aisíocaíochtaí taobh amuigh den teorainn ceithre bliana.

Má dhiúltaíonn muid d’éileamh, cuirfidh muid ar an eolas thú faoin bhfáth. Tá an ceart agat achomharc a dhéanamh i gcoinne diúltú d’éilimh leis an gCoimisiún um Achomhairc Chánach.

Bheadh pionós i gceist sa chás go ndéanann éilitheoir dearbhú bréagach go feasach nó go dtaispeánann sé neamhaird mheargánta ar an bhfírinne. Is é an pionós atá iníoctha ná 125% den Dleacht Stampála nár chóir a aisíoc, móide ús. Gearrtar ús ar an méid sin ag ráta laethúil 0.0219% ón dáta a rinneadh an aisíocaíocht.

Ar aghaidh: Cé mhéad a aisíocfar leat?